Chuir Iónátán mac Shóil chun bóthair agus tháinig go dtí Dáiví i Hoiris agus thug misneach dó in ainm Dé. “Ná bíodh aon eagla ort,” ar sé leis, “mar ní bhfaighidh Sól mʼathair greim ort; tusa a bheidh i do rí ar Iosrael, agus mise a bheidh taobh leat; is eol do Shól mʼathair é sin freisin.”