1
1 Samúéil 15:22
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Ach dʼfhreagair Samúéil: “An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtí ná go n‑éistfí go humhal le glór an Tiarna? Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt, is fearr géilliúlacht ná geir reithí.
Compare
Explore 1 Samúéil 15:22
2
1 Samúéil 15:23
Peaca asarlaíochta is ea an cheannairc. Éigeart agus íoladhradh is ea an easumhlaíocht. Toisc gur thug tusa an diúltú do bhriathar an Tiarna, thug seisean an diúltú duitse mar rí.”
Explore 1 Samúéil 15:23
3
1 Samúéil 15:29
Ach dá ainneoin sin, ní inseoidh Glóir Iosrael bréag ná ní rachaidh ar gcúl ina fhocal; mar ní duine é le go rachadh sé ar gcúl ina fhocal.”
Explore 1 Samúéil 15:29
4
1 Samúéil 15:11
“Is aithreach liom go ndearna mé rí de Shól, óir thug sé droim liom, agus dʼfhág mo lorg, agus rinne faillí i mʼorduithe.” Tháinig suaitheadh mór ar Shamúéil agus chaith sé an oíche ar fad ag glaoch chun an Tiarna.
Explore 1 Samúéil 15:11