1
1 Ríthe 3:9
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Tabhair do do shearbhónta croí tuisceanach le do phobal a rialú, chun an mhaith a aithint thar an olc; óir cé a dʼfhéadfadh a bheith i gceannas ar an bpobal seo agat atá chomh líonmhar sin?”
Compare
Explore 1 Ríthe 3:9
2
1 Ríthe 3:12
déanaim duit ar an toirt mar a dʼiarr tú. Bronnaim ort croí ciallmhar tuisceanach, i dtreo nach raibh do leithéid riamh romhat agus nach mbeidh do leithéid i do dhiaidh.
Explore 1 Ríthe 3:12
3
1 Ríthe 3:11
Dúirt an Tiarna leis: “Dé bhrí gurb é seo an rud a dʼiarr tú agus nach fad saoil duit féin a dʼiarr tú, ná saibhreas, ná bás do naimhde, ach thú a bheith in ann breith thuisceanach a thabhairt
Explore 1 Ríthe 3:11
4
1 Ríthe 3:13
Sea go deimhin, agus an rud nár iarr tú, bronnfaidh mé ort chomh maith é: saibhreas agus glóir, nach raibh a leithéid ag aon rí eile riamh (i gcaitheamh do shaoil).
Explore 1 Ríthe 3:13
5
1 Ríthe 3:14
Tabharfaidh mé fad saoil duit má leanann tú mo chosáin, agus tú ag coimeád mo dhlíthe agus mo reachtanna, faoi mar a lean Dáiví, dʼathair.”
Explore 1 Ríthe 3:14
6
1 Ríthe 3:5
I nGibeón nocht an Tiarna é féin i mbrionglóid oíche do Sholamh. Dúirt Dia: “Cibé rud is mian leat a fháil uaim, iarr orm é.”
Explore 1 Ríthe 3:5
7
1 Ríthe 3:7
Agus anois, a Thiarna, a Dhia liom, tá rí déanta agat díomsa, do shearbhónta, mar chomharba ar Dháiví, mʼathair. Ach níl ionam ach ógfhear gan oiliúint mar threoraí.
Explore 1 Ríthe 3:7
8
1 Ríthe 3:10
Ábhar sásaimh ab ea é don Tiarna gur iarr Solamh a leithéid seo.
Explore 1 Ríthe 3:10
9
1 Ríthe 3:6
Dʼfhreagair Solamh: “Thaispeáin tú barr cineáltais agus buanghrá do do shearbhónta Dáiví, mʼathair, nuair a bhí sé ag caitheamh a bheatha faoi chuing na dílseachta agus na córa agus an ionracais chroí i do láthair; bhuanaigh tú an sárchineáltas agus an buanghrá sin dó nuair a thug tú mac le bheith ina shuí ina ríchathaoir inniu.
Explore 1 Ríthe 3:6
10
1 Ríthe 3:8
Tá do shearbhónta i measc an phobail seo atá tofa agat, pobal atá chomh hiomadúil sin nach féidir a líon a áireamh ná a mheas.
Explore 1 Ríthe 3:8