1
Geinis 3:6
Leabhar na nGeinealach 1943 (Peadar Ó Dubhda)
ABNPOD
Agus chonnacthas do'n bhean gur mhaith é toradh an chrainn le n-ithe, agus taithneamhach do'n tsúil agus aoibhinn le hamharch air. Agus bhain sí toradh de agus d'ith. Agus thug sí d'á fear chéile agus d'ith seisean.
Compare
Explore Geinis 3:6
2
Geinis 3:1
Anois b'é an nathair nímhe an t-ainmhidhe ba chealgaighe de na beitheacha uilig ar an talamh d'ár ndearn an Tighearna Dia. Agus arsa é sin leis an bhean: “Cad chuige ar órduigh Dia dhuit gan ithe de thoradh gach crainn i bPárrthas?”
Explore Geinis 3:1
3
Geinis 3:15
Agus cuirfidh mé námhaisdeas eadar tusa agus an bhean, agus eadar do shíol-sa agus a síol-sa. Brúighfidh sí do chloigeann-sa agus luighfidh (brúighfhear) tusa faoi n-a sáil.”
Explore Geinis 3:15
4
Geinis 3:16
Leis an bhean dubhairt sé, freisin: “Méadóchaidh mé do chuid buadhartha go mór, agus do thoirrchiú; i bpéin (agus trioblóid) 'seadh bheirfeas tú clann, agus béidh tú faoi chómhacht d'fhir chéile agus dheanfaidh sé uachtaránacht (Smacht) ort.”
Explore Geinis 3:16
5
Geinis 3:19
In-allus d'éadáin íosaidh tú arán go dtí go bpillfid tú chun an talamh arís. Óir is as luaithridh thú agus go luaithridh fillfidh tú.”
Explore Geinis 3:19
6
Geinis 3:17
Agus ars É le Ádhamh: “De bhrigh gur éist tú le guth (moladh) do mhná agus gur ith tú de thóradh an chrainn ar aithin mise díot ‘Gan ithe,’ tá an talamh malluighthe as ucht do ghnimh. Fa dhuairceas agus faoi shaothrú íosfas tú de 'rith do shaoghail.
Explore Geinis 3:17
7
Geinis 3:11
Agus ars Eisean: “Cé d'innis duit go rabh tu lom-tárnochtuighthe? Ar ith tú de toradh an chrainn a d'aithin mise díot gan a ithe?”
Explore Geinis 3:11
8
Geinis 3:24
Agus theilg (thiomáin) Sé Ádhamh amach, agus chuir Cerabim (aingle) le n-a gclaidhmhte lasracha, a n-aghaidhthe ar gach áird, le slighe crann na beatha.
Explore Geinis 3:24
9
Geinis 3:20
Agus do thug Ádhamh an t-ainm Éabha ar a bhean, de bhrigh gur ab í máthair an uile nídh beo í.
Explore Geinis 3:20
Home
Bible
Plans
Videos