Féuċ, tiucfuid na laéṫe, a deir an TIĠEARNA, go mbéaruiḋ an toireaṁ air an mbúanuiġe, agus fear ḃrúite na ccáor air an té ċuirios an síol; agus silfid na sléiḃte fíon milis, agus leiġfid na huile ċnoic.
Agus do ḃéara mé a rís ar a nais braiġde mo ṗobail Israel, agus cuirfid súas na caiṫreaċa fásuiḋ, agus áiteoċuid íad; agus plainndeoċuid fineaṁna, agus ioḃuid a fíon sin; do ḋéanuid fós gáirdíniġe, agus íosuid dá ttoraḋ.