Uime sin má ṫug Día ḋóiḃsion an tioḋlacaḋ céudna ṫug sé ḋúinne, an tan do ċreideamar sa Ttiġearna Iósa Críosd; cía hé misi, do ḟéudfaḋ toirmeasg do ċur ar Ḋía? Agus ar gclós na neiṫeannsa ḋóiḃsion, do ṫoċdadar, agus tugadar glóir do Ḋía, ag ráḋ, Uime sin ṫug Día aiṫriġe do na Cineaḋaċaiḃ fós ċum beaṫa.