Níor ḟan sé ’n-a measg aċ oċt lá nú deiċ lá ’n-a ḋiaiḋ san, agus ċuaiḋ sé síos go Caesaréa agus an lá n-a ḋiaiḋ san do ṡuiḋ sé sa tribúnal agus d’órduiġ sé Pól a ṫaḃairt ’n-a láṫair. Do ṫugaḋ, agus do ṡeasaiṁ ’n-a ṫimpal na daoine ṫáinig anuas o Ierúsalem, agus ċuireadar a lán neiṫe troma’n-a leiṫ, aċ níor ḟéadadar iad a ḋeiṁniú