1
Na Sailm 71:5
An tSaltair, nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)
OC1965G
Is leat a tógaḋ mé ó ṫáinig mé ar an saol: is tú a ṫug as broinn mo ṁáṫar mé; ní ḃeiḋ á ṡeinm agam aċ do ṁolaḋ.
Compare
Explore Na Sailm 71:5
2
Na Sailm 71:3
Fuascail mé, a Ḋia liom, as láiṁ an droċḋuine: as láiṁ an duine éagóiriġ ṁíṫrócairiġ.
Explore Na Sailm 71:3
3
Na Sailm 71:14
Beiḋ mo ḃéal gaċ lá ag cur síos ar dʼḟíréantaċt agus ar do ṡlánú: óir ní aiṫním críoċ ar biṫ leo.
Explore Na Sailm 71:14
4
Na Sailm 71:1
Is ionat, a Ṫiarna, a ċuir mé mo ḋóċas, ná lig go gcuirtí díomua orm go deo: aċ fuascail mé agus fóir orm id ḟíréantaċt; claon do ċluas ċugam, agus taḃair slán mé.
Explore Na Sailm 71:1
5
Na Sailm 71:8
Ná caiṫ amaċ mé in am mo ṡeanaoise: ná tréig mé nuair a ṫeipeann mo neart orm.
Explore Na Sailm 71:8
6
Na Sailm 71:15
Imeoiḋ mé i neart an Tiarna Dia: agus ní ḃeiḋ á lua agam aċ aṁáin dʼḟíréantaċt.
Explore Na Sailm 71:15