1
Rómhánach 6:23
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
Óir is é tuarastal an ṗeacaiḋ an bás, aċt is é saor‐ḃronntanas Dé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe i nÍosa Críost, ár dTiġearna.
Compare
Explore Rómhánach 6:23
2
Rómhánach 6:14
Óir ní ḃéiḋ tiġearnas ag an bpeacaḋ oraiḃ: óir ní fá ḋliġe atá siḃ, aċt fá ġrása.
Explore Rómhánach 6:14
3
Rómhánach 6:4
D’á ḃriġ sin do h‐aḋlacaḋ sinn mar aon leis ṫríd an mbaisteaḋ ċum báis: ar ṁoḋ, fá mar tógaḋ Críost ó na marḃaiḃ tré ġlóir an Aṫar, gur mar sin ṡiuḃalfaimíd i saoġal úr‐nua.
Explore Rómhánach 6:4
4
Rómhánach 6:13
agus ná taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna éagcóra; aċt taḃraiḋ siḃ féin do Ḋia mar ḋaoine atá beo ó na marḃaiḃ, agus taḃraiḋ ḃur mbaill beaṫaḋ mar ġléiseanna fíréantaċta do Ḋia.
Explore Rómhánach 6:13
5
Rómhánach 6:6
mar tá a ḟios againn gur céasaḋ ár sean‐nádúir ’n‐a ṫeannta, ċum go ḃfágfaiḋe corp an ṗeacaiḋ gan éifeaċt, ċum naċ mbéimís fá ḋaor‐smaċt an ṗeacaiḋ feasta
Explore Rómhánach 6:6
6
Rómhánach 6:11
Mar sin daoiḃ‐se, measaiḋ siḃ féin ḃeiṫ marḃ do’n ṗeacaḋ, aċt ḃeiṫ beo do Ḋia tré Íosa Críost.
Explore Rómhánach 6:11
7
Rómhánach 6:1-2
Créad adéarfaimíd mar sin? An aṁlaiḋ ḟanfaimíd go seasta san ṗeacaḋ ċum go méaduiġtear an grása? Nár leigiḋ Dia é. Sinne atá marḃ do’n ṗeacaḋ, ċionnas ṁairfimíd níos faide ann?
Explore Rómhánach 6:1-2
8
Rómhánach 6:16
Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, cibé duine d’á dtiuḃraiḋ siḃ siḃ féin mar ṡeirḃísiġ na h‐uṁlaċta, gur seirḃísiġ siḃ do’n té d’á n‐uṁluiġeann siḃ; is cuma cia aca seirḃísiġ an ṗeacaiḋ ċum báis, nó seirḃísiġ na h‐uṁlaċta ċum fíréantaċta?
Explore Rómhánach 6:16
9
Rómhánach 6:17-18
Aċt, buiḋeaċas le Dia, giḋ go raḃaḃar ’n‐ḃur seirḃíseaċaiḃ do’n ṗeacaḋ, d’uṁluiġeaḃar ó ċroiḋe do ṁoḋ an teagaisc d’á dtugaḃar siḃ féin; agus, ar mbeiṫ fuascailte ó ṗeacaḋ ḋaoiḃ, do‐rinneaḋ seirḃísiġ d’ḟíréantaċt díḃ.
Explore Rómhánach 6:17-18