Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ, aċt atá d’á noċtaḋ anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile ċineaḋ tré scrioptúiriḃ na ḃfáiḋ, do réir aiṫne an Dé ṡíorraiḋe, ċum go mbéidís uṁal do’n ċreideaṁ; do Ḋia, an t‐aon eagnaiḋe aṁáin, dó‐san go raiḃ an ġlóir, tré Íosa Críost, go saoġal na saoġal. Amén.