1
Rómhánach 12:2
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
Agus ná géilliḋ do nósaiḃ an tsaoġail seo: aċt aṫruiġtear siḃ tré aṫnuaḋaḋ ḃur n‐aigne, ċum go ḃfroṁfaiḋ siḃ toil Dé, atá maiṫ, agus taiṫneaṁaċ, agus diongḃálta.
Compare
Explore Rómhánach 12:2
2
Rómhánach 12:1
Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, d’á ḃriġ sin, as uċt trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫairgsin mar ḃeoíoḋbairt naoṁṫa ṫaiṫneaṁaċ do Ḋia, mar is gníoṁ aḋarṫa réasúnta agaiḃ é.
Explore Rómhánach 12:1
3
Rómhánach 12:12
ag déanaṁ gáirdeaċais i ndóċas; go foiġdeaċ fá ġéirleanṁain
Explore Rómhánach 12:12
4
Rómhánach 12:21
Ná leig do’n olc buaiḋ do ḃreiṫ ort, aċt beir‐se buaiḋ ar an olc le maiṫeas.
Explore Rómhánach 12:21
5
Rómhánach 12:10
Le teas‐ġráḋ bráṫarḋa bíoḋ an‐ċion agaiḃ ar a ċéile; gaċ duine agaiḃ ag géilleaḋ d’á ċéile i gcúrsaiḃ onóra
Explore Rómhánach 12:10
6
Rómhánach 12:9
Bíoḋ ḃur ngráḋ gan ceilg. Bíoḋ fuaṫ agaiḃ do’n olc; claoiḋiḋ leis an gceart.
Explore Rómhánach 12:9
7
Rómhánach 12:18
Má’s féidir é, san méid ḃaineas liḃ féin, cóṁnuiġiḋ go síoṫċánta leis an uile ḋuine.
Explore Rómhánach 12:18
8
Rómhánach 12:19
Ná h‐agraiḋ díoġaltas, a ċáirde ionṁaine, aċt leigiḋ d’ḟeirg Dé: óir, atá scríoḃṫa, Is liom‐sa an díoġaltas; is mise ċúiteoċas, adeir an Tiġearna.
Explore Rómhánach 12:19
9
Rómhánach 12:11
gan ḃeiṫ fallsa i ndúṫraċt; ḃeiṫ díoġraiseaċ i spiorad; ag déanaṁ seirḃíse do’n Tiġearna
Explore Rómhánach 12:11
10
Rómhánach 12:3
Óir adeirim, ṫríd an ngrása tugaḋ ḋom, le gaċ duine ’n‐ḃur measc, gan meas níos áirde ’ná ba ċóir do ḃeiṫ aige air féin, aċt maċtnaṁ stuamḋa do déanaṁ, do réir mar roinn Dia ar gaċ duine a ṁiosúr féin de ċreideaṁ.
Explore Rómhánach 12:3
11
Rómhánach 12:17
Ná cúitiġiḋ an t‐olc i n‐éiric an uilc le duine ar biṫ. Loirgiḋ na neiṫe atá uasal i ḃfiaḋnaise an uile ḋuine.
Explore Rómhánach 12:17
12
Rómhánach 12:16
Bíḋiḋ ar aon intinn le ċéile. Ná biḋiḋ árd‐aiḋmeannaċ, aċt déanaiḋ muinntearḋas leis na daoiniḃ atá uṁal. Ná biḋiḋ glic ’n‐ḃur dtuairim féin.
Explore Rómhánach 12:16
13
Rómhánach 12:20
Aċt má ḃíonn ocras ar do náṁaid, taḃair niḋ le n’iṫe ḋó; má ḃíonn tart air, taḃair deoċ le n’ól dó: g‐á ḋéanaṁ sin duit, béiḋ tú ag carnaḋ gríosaiġe ar a ċeann.
Explore Rómhánach 12:20
14
Rómhánach 12:14-15
Taḃraiḋ beannaċt do na daoiniḃ do‐ġní géirleanṁain oraiḃ; taḃraiḋ beannaċt agus ná taḃraiḋ mallaċt. Déanaiḋ gáirdeaċas leis na daoiniḃ do‐ġní gáirdeaċas; déanaiḋ gol leis na daoiniḃ do‐ġní gol.
Explore Rómhánach 12:14-15
15
Rómhánach 12:13
go seasṁaċ san urnaiġe; ag caḃrú leis na naoṁaiḃ ’n‐a riaċtainisiḃ; ag cleaċtaḋ na féile.
Explore Rómhánach 12:13
16
Rómhánach 12:4-5
Óir fá mar tá a lán ball i n‐aon ċorp aṁáin, agus naċ aon ġnó aṁáin a ḃíos ag na ballaiḃ uile; mar sin dúinne, agus a lán againn ann, is aon ċorp aṁáin i gCríost sinn, agus is baill d’á ċéile sinn uile.
Explore Rómhánach 12:4-5