1
Séamas 1:2-3
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
Ná measaiḋ aċt gur aḋḃar áṫais ar fad é, a ḃráiṫre, nuair ṫuiteas siḃ i gcaṫuiġṫiḃ éagsaṁla; agus a ḟios agaiḃ go dtugann fróṁaḋ ḃur gcreidiṁ seasṁaċt.
Compare
Explore Séamas 1:2-3
2
Séamas 1:5
Má ḃíonn aon duine agaiḃ i n‐uireasbaiḋ eagna, iarraḋ sé ar Ḋia í; is é do‐ḃeir go fial do ċáċ, gan aiṫḃear; agus do‐ḃéarfar dó í.
Explore Séamas 1:5
3
Séamas 1:19
Is eol daoiḃ an méid sin, a ḃráiṫre ionṁaine, aċt bíoḋ gaċ duine luaṫ ċum éisteaċta, mall ċum laḃarṫa, mall ċum feirge.
Explore Séamas 1:19
4
Séamas 1:4
Agus leigiḋ do’n tseasṁaċt a toraḋ do ṫaḃairt ċum críċe, ċum go raiḃ siḃ lán‐ḟoirḃṫe, iomlán, gan éinniḋ ḃeiṫ i n‐easnaṁ oraiḃ.
Explore Séamas 1:4
5
Séamas 1:22
Aċt cuiriḋ an briaṫar i ngníoṁ, gan ḃeiṫ ’n‐ḃur luċt éisteaċta aṁáin, ġ’‐ḃur meallaḋ féin.
Explore Séamas 1:22
6
Séamas 1:12
Is aoiḃinn do’n té ṡeasuiġeas caṫuiġṫe go foiġdeaċ: óir tar éis a ḟróṁṫa ġeoḃaiḋ sé coróin na beaṫaḋ, atá geallta ag an Tiġearna do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é.
Explore Séamas 1:12
7
Séamas 1:17
Is ó’n áirde ṫuas atá gaċ deaġ‐ṫaḃartas agus gaċ tíoḋlacaḋ iomlán, ag teaċt anuas ó Aṫair na soillse, naċ dtagann claoċloḋ ar biṫ air, ná aṫrú ó ṡolas go dorċadas.
Explore Séamas 1:17
8
Séamas 1:23-24
Óir má éisteann aoinneaċ leis an mbriaṫar, gan gníoṁ do ḋéanaṁ d’á réir, atá sé cosṁail le duine ag aṁarc ar a ġnúis nádurṫa féin i scaṫán: óir tar éis é féin do ḃreaṫnú, imṫiġeann sé, agus ar ball do‐ġní sé dearmad ar cad leis gur cosṁail é féin.
Explore Séamas 1:23-24
9
Séamas 1:27
Is í is fíor‐ċráiḃṫeaċt i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar, cuairt do ṫaḃairt ar na dílleaċtaiḃ agus ar na baintreaḃaċaiḃ i n‐am a n‐anró, agus gan leigint do’n tsaoġal a ṫruailliú féin.
Explore Séamas 1:27
10
Séamas 1:13-14
Ná h‐abraḋ aoinneaċ, nuair curtar caṫuiġṫe air, Is ó Ḋia curtar caṫú orm: óir ní féidir caṫú ċum uilc do ċur ar Ḋia, ná ní ċuireann sé féin caṫú ar aoinneaċ: aċt is aṁlaiḋ curtar caṫú ar gaċ duine nuair ṫarraingeas agus ḃréagas a ainṁianta féin é.
Explore Séamas 1:13-14
11
Séamas 1:9
Déanaḋ an bráṫair uiríseal bród toisc é ḃeiṫ d’á árdú, agus déanaḋ an fear saiḋḃir bród toisc gur ísliġtear é
Explore Séamas 1:9