1
Gníomhartha 20:35
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
Do ḃíos im’ eisiompláir ḋaoiḃ ins gaċ éinniḋ, g‐á ṫaisbeáint daoiḃ gur ag obair ar an gcuma sin ba ḋual daoiḃ cuidiú leis na daoiniḃ laga, agus cuiṁniú ar ḃriaṫraiḃ an Tiġearna Íosa, mar aduḃairt sé, Is mó is beannuiġṫe bronnaḋ ’ná glacaḋ.
Compare
Explore Gníomhartha 20:35
2
Gníomhartha 20:24
Aċt ní h‐é m’anam is cás liom, mar ḃéaḋ cion agam air, aċt go gcóiṁlíonfad mo ċúrsa, agus an ṁiniostrálaċt fuaras ó’n Tiġearna Íosa soiscéal grása Dé do ċraoḃscaoileaḋ.
Explore Gníomhartha 20:24
3
Gníomhartha 20:28
Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú.
Explore Gníomhartha 20:28
4
Gníomhartha 20:32
Agus anois, cuirim fá ċoimirce Dé, agus fá ḃriaṫar a ġrása siḃ, go ḃfuil ar ċumas dó ḃúr dtógáil suas, agus oiḋreaċt do ṫaḃairt daoiḃ i measc na naoṁ.
Explore Gníomhartha 20:32