1
Títeas 1:16
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan dʼacmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh.
Compare
Explore Títeas 1:16
2
Títeas 1:15
Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu.
Explore Títeas 1:15
3
Títeas 1:9
Ní mór dó cloí go dlúth leis an teagasc fíor mar a múineadh dó féin é, i dtreo go mbeidh ar a chumas daoine eile a spreagadh leis an oideas folláin céanna agus lucht a bhréagnaithe a cheartú.
Explore Títeas 1:9
4
Títeas 1:7-8
Mar, ós maor do Dhia an t-uachtarán ní mór dó a bheith gan locht, gan a bheith ceanndána ná taghdach ná óltach ná achrannach ná amplach, ach é a bheith fáilteach, dea-mhéineach, stuama, cóir, diaganta, staidéartha.
Explore Títeas 1:7-8
5
Títeas 1:6
Bíodh gach seanóir acu gan cháim, agus gan é a bheith pósta ach aon uair amháin, agus a chlann a bheith ina gcreidmhigh agus gan drabhlás ná easumhlaíocht a bheith le casadh leo.
Explore Títeas 1:6