1
Filipigh 2:3-4
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh dá mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin. Ná bíodh aon duine agaibh ag cuimhneamh ar a leas féin amháin ach ar leas na gcomharsana chomh maith.
Compare
Explore Filipigh 2:3-4
2
Filipigh 2:5
Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost
Explore Filipigh 2:5
3
Filipigh 2:6-8
An té úd a bhí i riocht Dé ó dhúchas, níorbh éadáil leis a bheith ar chomhchéim le Dia, Ach lom sé é féin. Agus chuir air riocht an sclábhaí agus tháinig chun a bheith ina dhuine mar chách eile. Agus ar theacht ann dó i gcló daonna, dʼísligh sé é féin agus bhí umhal go bás– go bás na Croise féin.
Explore Filipigh 2:6-8
4
Filipigh 2:13
mar is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus ghníomh ionaibh de réir a dhea-thola féin.
Explore Filipigh 2:13
5
Filipigh 2:9-11
Sin é an fáth ar ardaigh Dia thar na bearta é agus bhronn air an t-ainm úd atá os cionn gach ainm, i dtreo nuair a luafaí ainm Íosa go gcromfadh glúin gach neach dá bhfuil ar neamh agus ar talamh agus in Ifreann agus go ndearbhódh gach teanga, in ómós do Dhia an tAthair, gurb é Íosa Críost an Tiarna.
Explore Filipigh 2:9-11
6
Filipigh 2:14-15
Déanaigí gach ní gan chasaoid ná argóint, ar shlí go mbeidh sibh gan locht gan urchóid, in bhur gclann gan cháim ag Dia i lár glúine atá truaillithe claon agus go mbeidh sibh chomh feiceálach ina measc le soilse na cruinne
Explore Filipigh 2:14-15
7
Filipigh 2:12
Dá bhrí sin, a mhuintir na páirte, faoi mar a rinne sibh rud orm i gcónaí agus mé in bhur measc, déanaigí rud anois orm níos mó ná riamh agus mé i bhfad uaibh, agus saothraígí bhur slánú faoi uamhan agus faoi eagla
Explore Filipigh 2:12