Thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh sé agus bhris na builíní agus thug do na deisceabail iad chun go gcuirfidís os a gcomhair iad, agus roinn sé an dá iasc ar chách. Dʼith siad uile agus bhí siad sách. Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de bhruscar agus den iasc.