1
Marcas 4:39-40
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige: “Éist, bí socair!” Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór. Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil an eagla seo oraibh? An ea nach bhfuil creideamh agaibh?”
Compare
Explore Marcas 4:39-40
2
Marcas 4:41
Bhí uamhan agus eagla orthu agus bhí siad dá rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go ndéanann gaoth agus farraige rud air?”
Explore Marcas 4:41
3
Marcas 4:38
Bhí sé féin i ndeireadh an bháid ina chodladh agus a cheann ar an bpillín, agus mhúscail siad é agus dúirt leis: “A Mháistir, an ea nach cás leat go bhfuil an bás againn?”
Explore Marcas 4:38
4
Marcas 4:24
Dúirt sé leo: “Bígí aireach faoina gcluineann sibh. Is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh, agus tabharfar tuilleadh daoibhse a chluineann.
Explore Marcas 4:24
5
Marcas 4:26-27
Agus dúirt: “Is amhlaidh atá ríocht Dé, mar a scaipfeadh duine síol ar an talamh, agus go gcodlódh sé féin agus go n-éireodh, oíche agus lá, agus go mbeadh an síol ag eascar agus ag fás gan a fhios dó.
Explore Marcas 4:26-27
6
Marcas 4:23
Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine éisteadh sé!”
Explore Marcas 4:23
Home
Bible
Plans
Videos