“Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréag-chráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu. Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh dʼaghaidh, agus ná bíodh a fhios ag daoine go bhfuil tú i do throscadh, ach beidh a fhios ag dʼAthair atá i láthair faoi choim. Feiceann dʼAthair an beart faoi choim agus cúiteoidh sé leat.