Ach ní mar sin a bheidh an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh, agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábhaí daoibh; díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”