1
Matha 18:20
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
Óir, mar a mbíonn beirt nó triúr tagtha i gceann a chéile i mʼainm-se, bím féin ansin ina measc.”
Compare
Explore Matha 18:20
2
Matha 18:19
“Agus deirim go fírinneach rud eile libh má bhíonn beirt agaibh ar talamh ar aon aigne faoi rud ar bith a bhíonn le hiarraidh acu, beidh sé le fáil acu ó mʼAthair atá ar Neamh.
Explore Matha 18:19
3
Matha 18:2-3
Ghlaoigh sé leanbh chuige, chuir ina sheasamh ina lár é agus dúirt: “Deirim libh go fírinneach, mura gcasa sibh arís chun a bheith ar nós na leanaí, ní rachaidh sibh isteach i Ríocht na bhflaitheas choíche.
Explore Matha 18:2-3
4
Matha 18:4
Mar sin, duine ar bith a dhéanfaidh é féin uiríseal ar nós an linbh seo, beidh sé sin ar an té is mo i Ríocht na bhflaitheas.
Explore Matha 18:4
5
Matha 18:5
Agus cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son mʼainm, glacann sé mise.
Explore Matha 18:5
6
Matha 18:18
“Deirim libh go fírinneach, gach uile ní a cheanglaíonn sibh ar talamh beidh sé ceangailte ar Neamh, agus nithe ar bith a scaoilfidh sibh ar talamh beidh siad scaoilte ar Neamh.
Explore Matha 18:18
7
Matha 18:35
Sin é freisin mar a dhéanfaidh mʼAthair neamhaí libh-se mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.”
Explore Matha 18:35
8
Matha 18:6
Ach má thugann aon duine scannal do dhuine ar bith de na rudaí beaga seo a chreideann ionamsa, bʼfhearr dó go gcrochfaí bró mhuilinn faoina mhuineál agus é a bhá i nduibheagán na farraige.
Explore Matha 18:6
9
Matha 18:12
“Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine agus aon chaora amháin díobh a dhul amú, nach bhfágfaidh sé an naoi nóchad ar na sléibhte agus dul ag lorg an tseachránaí?
Explore Matha 18:12
Home
Bible
Plans
Videos