Ar an ábhar sin, ós rud é go bhfuil slua chomh mór sin dʼfhinnéithe thart timpeall orainn mar scamall, caithimis uainn gach ualach mar aon leis an bpeaca sin a ghreamaíonn dínn agus rithimis go buanseasmhach an rás atá leagtha amach dúinn. Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó a dʼfhulaing sé céasadh na Croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de rí-chathaoir Dé.