Tar éis dó gan thar a hocht nó a deich de laethanta a thabhairt ina measc, chuaigh sé síos go Caesairia agus an lá dár gcionn shuigh sé ina shuí breithimh agus dʼordaigh Pól a thabhairt isteach. Nuair a tháinig sé i láthair, sheas na Giúdaigh a bhí tagtha anuas ó Iarúsailéim ina thimpeall agus thosaigh ag cur mórán cionta troma ina leith, nithe nár fhéad siad a chruthú.