1
2 Peadar 2:9
An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012
ABN2012
tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil dá bpionósú go lá na breithe
Compare
Explore 2 Peadar 2:9
2
2 Peadar 2:21-22
Óir bʼfhearr dóibh-sean gan eolas a chur ar bhealach na fíréantachta ná tar éis eolas a chur air casadh i leataobh ón aithne naofa a seachadadh dóibh. Tharla dóibh mar a deir an sean-fhocal fíor: Filleann an madra ar an aiseag; agus: An chráin nuair a nítear í, luíonn sí sa lathach.
Explore 2 Peadar 2:21-22
3
2 Peadar 2:19
Geallann siad saoirse dóibh, ach is daoir iad ag an scrios, mar cibé rud a fhaigheann an lámh uachtair ar dhuine is dó is daor é.
Explore 2 Peadar 2:19
4
2 Peadar 2:20
Tar éis dóibh éalú ó thruaillitheachtaí an tsaoil trína n-aithne ar ár dTiarna agus ár Slánaitheoir Íosa Críost, má théann siad in achrann arís iontu, agus go sáraítear iad, is measa an scéal acu go deireanach ná mar a bhí ar dtús.
Explore 2 Peadar 2:20
5
2 Peadar 2:1
Ach tharla fáithe bréige freisin i measc an phobail, faoi mar atá oidí bréige chomh maith in bhur measc-sa; déanfaidh siad-san tuairimí díobhálacha a thabhairt isteach go cealgach agus séanfaidh siad fiú an mháistir a cheannaigh iad, agus tabharfaidh siad droch-íde sa mhullach orthu féin go tobann.
Explore 2 Peadar 2:1