Is mian liom, dá bhrí sin, go mbeidh na fir ag guí gach uile áit agus a lámha tógtha acu go hómósach, gan fearg ná aighneas. Ar an gcuma chéanna is mian liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluachach, ach iad féin a mhaisiú le dea-oibreacha mar a oireann do mhná a bhfuil meas na cráifeachta acu orthu féin.