Níl aon iomaitheoir díobh nach í an mheasarthacht a ghnáthaíonn sé i ngach ní. Níl le baint acu siúd ach craobh dhíomuan ach tá craobh le baint againne nach dtréigfidh choíche. I dtaca liom féin, nuair a rithimse rás ní chun seachráin é; nuair a bhím ag dornáil ní mar bheinn ag bualadh an aeir é.