1
Rómhánach 6:23
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
ATN1951
Óir is é tuarastal an pheacaidh an bás, acht is é saor‐bhronntanas Dé an bheatha shíorraidhe i nÍosa Críost, ár dTighearna.
Compare
Explore Rómhánach 6:23
2
Rómhánach 6:14
Óir ní bhéidh tighearnas ag an bpeacadh oraibh: óir ní fá dhlighe atá sibh, acht fá ghrása.
Explore Rómhánach 6:14
3
Rómhánach 6:4
D’á bhrigh sin do h‐adhlacadh sinn mar aon leis thríd an mbaisteadh chum báis: ar mhodh, fá mar tógadh Críost ó na marbhaibh tré ghlóir an Athar, gur mar sin shiubhalfaimíd i saoghal úr‐nua.
Explore Rómhánach 6:4
4
Rómhánach 6:13
agus ná tabhraidh bhur mbaill beathadh mar ghléiseanna éagcóra; acht tabhraidh sibh féin do Dhia mar dhaoine atá beo ó na marbhaibh, agus tabhraidh bhur mbaill beathadh mar ghléiseanna fíréantachta do Dhia.
Explore Rómhánach 6:13
5
Rómhánach 6:6
mar tá a fhios againn gur céasadh ár sean‐nádúir ’n‐a theannta, chum go bhfágfaidhe corp an pheacaidh gan éifeacht, chum nach mbéimís fá dhaor‐smacht an pheacaidh feasta
Explore Rómhánach 6:6
6
Rómhánach 6:11
Mar sin daoibh‐se, measaidh sibh féin bheith marbh do’n pheacadh, acht bheith beo do Dhia tré Íosa Críost.
Explore Rómhánach 6:11
7
Rómhánach 6:1-2
Créad adéarfaimíd mar sin? An amhlaidh fhanfaimíd go seasta san pheacadh chum go méaduightear an grása? Nár leigidh Dia é. Sinne atá marbh do’n pheacadh, chionnas mhairfimíd níos faide ann?
Explore Rómhánach 6:1-2
8
Rómhánach 6:16
Nach bhfuil a fhios agaibh, cibé duine d’á dtiubhraidh sibh sibh féin mar sheirbhísigh na h‐umhlachta, gur seirbhísigh sibh do’n té d’á n‐umhluigheann sibh; is cuma cia aca seirbhísigh an pheacaidh chum báis, nó seirbhísigh na h‐umhlachta chum fíréantachta?
Explore Rómhánach 6:16
9
Rómhánach 6:17-18
Acht, buidheachas le Dia, gidh go rabhabhar ’n‐bhur seirbhíseachaibh do’n pheacadh, d’umhluigheabhar ó chroidhe do mhodh an teagaisc d’á dtugabhar sibh féin; agus, ar mbeith fuascailte ó pheacadh dhaoibh, do‐rinneadh seirbhísigh d’fhíréantacht díbh.
Explore Rómhánach 6:17-18