1
Rómhánach 14:17-18
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
ATN1951
óir ní biadh agus ól ríoghacht Dé, acht fíréantacht, agus síothcháin, agus áthas san Spiorad Naomh. Óir an té do‐ghní seirbhís do Chríost ar an gcuma sin, do‐bheir Dia taithneamh dhó, águs bíonn urraim ag daoinibh dhó.
Compare
Explore Rómhánach 14:17-18
2
Rómhánach 14:8
Óir má mhairimíd, is do’n Tighearna mhairimíd; agus má éagaimíd, is do’n Tighearna éagaimíd: d’á bhrigh sin, is cuma cia aca mhairimíd nó éagaimíd, is leis an Tighearna sinn.
Explore Rómhánach 14:8
3
Rómhánach 14:19
Uime sin leanaimís na neithe bhaineas le síothcháin, agus na neithe le n‐ar féidir linn deagh‐thréithe a chéile do mhéadú.
Explore Rómhánach 14:19
4
Rómhánach 14:13
Uime sin ná bímís ag breith breithe ar a chéile a thuilleadh; acht ’n‐a ionad sin tabhraidh aire gan ceap tuislidh, ná adhbhar tuitme do chur i mbealach bhur mbráthar.
Explore Rómhánach 14:13
5
Rómhánach 14:11-12
Mar tá scríobhtha, Mar mhairim‐se, adeir an Tighearna, feacfaidh gach uile ghlún rómham, Agus do‐bhéarfaidh gach uile theanga moladh do Dhia. D’á bhrigh sin bhéarfaidh gach duine againn cunntas ’n‐a thaobh féin do Dhia.
Explore Rómhánach 14:11-12
6
Rómhánach 14:1
Glacaidh chugaibh an duine atá laig‐chreidmheach, acht nach chum bheith ag breith breithe ar thuairimibh.
Explore Rómhánach 14:1
7
Rómhánach 14:4
Cia h‐é thusa do‐bheir breith ar sheirbhíseach duine eile? Is d’á thighearna féin sheasas nó thuiteas sé; ’seadh, agus seasfaidh sé, óir is féidir do Dhia a chongbháil ’n‐a sheasamh.
Explore Rómhánach 14:4