I lár na h-óidhche, ámhthach, bhí Pól agus Sílas ag déanamh úrnuighthe agus ag moladh Dé, agus bhí na príosúnaigh ag éisteacht leó. Agus go h-obann do tháinig luasgadh talmhan i dtreó go raibh fallaí an phríosúin d’á suathadh go bun. Ansan, siúd na geataí go léir ar osgailt agus na ceangalacha sgaoilte de sna priosúnaigh go léir.