1
Matha 19:26
An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)
OC1970
Ach dʼfhéach Íosa fúthu agus tharstu agus dúirt sé leo, “Is dodhéanta sin do dhaoine, ach níl ní nach bhfuil indéanta ag Dia.”
Paghambingin
I-explore Matha 19:26
2
Matha 19:6
Ní dís iad mar sin ach aon. Ná cuireadh an duine ó chéile ar chuir Dia le chéile.”
I-explore Matha 19:6
3
Matha 19:4-5
Ba é a fhreagra, “An é nach bhfuil léite agaibh gur chruthaigh an Cruthaitheoir fireann agus baineann iad i dtús an tsaoil, agus go ndúirt, ‘Dá bhrí sin tréigfidh fear a athair agus a mháthair agus cloífidh sé lena bhean, agus déanfar aon den dís?’
I-explore Matha 19:4-5
4
Matha 19:14
ach is é a dúirt Íosa, “Ligigí do na leanaí teacht chugam, agus ná cuirigí cosc leo; mar is lena leithéidí ríocht neimhe.”
I-explore Matha 19:14
5
Matha 19:30
Ach is iomaí duine a bhí ar dtús a bheidh ar deireadh, agus an dream a bhí ar deireadh beidh siad ar dtús.
I-explore Matha 19:30
6
Matha 19:29
Agus níl duine dár fhág ina dhiaidh tithe nó deartháireacha nó deirfiúracha nó athair nó máthair nó leanaí nó tailte, mar gheall ar mʼainmse, nach bhfaighidh a chéad oiread, agus nach mbeidh seilbh aige ar an mbeatha shíoraí.
I-explore Matha 19:29
7
Matha 19:21
Dúirt Íosa leis, “Más mian leat bheith go foirfe, imigh, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é, agus beidh stór agat ar neamh, agus tar, agus lean mise.”
I-explore Matha 19:21
8
Matha 19:17
Agus dúirt sé leis, “Cad chuige duit fiafraí díomsa faoin maith? Tá aon neach amháin ann atá maith. Más mian leat teacht chun na beatha, coinnigh na haitheanta.”
I-explore Matha 19:17
9
Matha 19:24
Insím daoibh arís, gur fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná dʼfhear saibhir dul isteach i ríocht Dé.”
I-explore Matha 19:24
10
Matha 19:9
Agus deirimse libh: Cibé fear a dhealaíos óna bhean, ach mar gheall ar mhí-gheanmnaíocht amháin, agus a phósas bean eile, bíonn sé ag déanamh adhaltranais.”
I-explore Matha 19:9
11
Matha 19:23
Agus dúirt Íosa lena dheisceabail, “Deirim go fírinneach libh, go mbeidh sé deacair duamhar dʼfhear saibhir dul isteach i ríocht neimhe.
I-explore Matha 19:23