1
Geineasas 50:20
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Maidir libhse, bheartaigh sibh olc i mʼaghaidh ach dheonaigh Dia é a chur chun tairbhe i dtreo go gcuirfeadh sé fuascailt a lán i gcrích, faoi mar atá déanta aige anois.
ஒப்பீடு
Geineasas 50:20 ஆராயுங்கள்
2
Geineasas 50:19
Ach dʼfhreagair Iósaef: “Ná bíodh eagla oraibh! An amhlaidh atáimse in áit Dé?
Geineasas 50:19 ஆராயுங்கள்
3
Geineasas 50:21
Ná bíodh eagla oraibh dá bhrí sin; cothóidh mé féin sibhse agus bhur muirear.” Ar an gcuma sin thug sé misneach agus sólás dóibh.
Geineasas 50:21 ஆராயுங்கள்
4
Geineasas 50:17
‘Abraigí le Iósaef: Maith a gcoir agus a bpeaca do do dheartháireacha, impím ort, mar go ndearnadar éagóir ort.’ Agus anois achainímidne ort a gcoir a mhaitheamh do shearbhóntaí Dhia dʼathar.” Bhris a ghol ar Iósaef nuair a labhair siad leis.
Geineasas 50:17 ஆராயுங்கள்
5
Geineasas 50:24
Faoi dheireadh dúirt Iósaef lena dheartháireacha: “Táim i mbéal báis. Ach tiocfaidh Dia ag triall oraibh agus tabharfaidh sé suas sibh ón tír seo go dtí an tír a gheall sé faoi bhrí na mionn dʼAbrahám, do Íosác, agus do Iacób.”
Geineasas 50:24 ஆராயுங்கள்
6
Geineasas 50:25
Ansin chuir Iósaef clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: “Nuair a thiocfaidh Dia ag triall oraibh, tugaigí mo chnámha libh ón áit seo gan teip.”
Geineasas 50:25 ஆராயுங்கள்
7
Geineasas 50:26
Fuair Iósaef bás agus é céad agus a deich mbliana dʼaois; agus rinneadar é a bhalsamú agus a chur i gcónra san Éigipt.
Geineasas 50:26 ஆராயுங்கள்