1
Geineasas 45:5
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Anois, más ea, ná bíodh buaireamh ná fearg oraibh libh féin toisc mé a reic anseo, mar sheol Dia mise romhaibh chun sibh a choinneáil beo.
ஒப்பீடு
Geineasas 45:5 ஆராயுங்கள்
2
Geineasas 45:8
Ní sibhse dá bhrí sin a sheol anseo mé ach Dia, agus chuir sé mé i riocht a bheith i mʼathair ag Forann agus i mo thiarna ar a theaghlach go léir agus i mʼuachtarán ar chríocha na hÉigipte go léir.
Geineasas 45:8 ஆராயுங்கள்
3
Geineasas 45:7
Chuir Dia mise romhaibh chun fuíoll sleachta a choimeád beo ar talamh daoibh, sea agus tarrtháil a dhéanamh ar a lán daoibh.
Geineasas 45:7 ஆராயுங்கள்
4
Geineasas 45:4
Dúirt Iósaef ansin lena dheartháireacha: “Druidigí i leith chugam, le bhur dtoil”; agus nuair a dhruideadar leis dúirt sé: “Mise bhur ndeartháir Iósaef a dhíol sibh le breith chun na hÉigipte.
Geineasas 45:4 ஆராயுங்கள்
5
Geineasas 45:6
Óir tá an gorta sa tír le dhá bhliain agus tá cúig bliana eile le teacht nach gcuirfear síol agus nach mbainfear fómhar.
Geineasas 45:6 ஆராயுங்கள்
6
Geineasas 45:3
“Mise Iósaef,” arsa Iósaef lena dheartháireacha, “agus an maireann mʼathair fós?” Ach níor fhan focal freagra dó ag a dheartháireacha le barr uafáis ina láthair.
Geineasas 45:3 ஆராயுங்கள்