Chapa ya Youversion
Ikoni ya Utafutaji

Salm 58

58
Breithiúna Éagóracha
1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná Scrios”. Mictam Dháiví.
2An í an fhíréantacht a fhógraíonn sibh a lucht na cumhachta?
an é an ceartbhreithiúnas a thugann sibh ar chlann na ndaoine?
3Ní hé; óir beartaíonn sibh éagóir in bhur gcroithe
agus is amhlaidh a imríonn sibh an lámh láidir ar talamh.
4Chuaigh na hurchóidigh ar seachrán fiú amháin ó bhroinn a máthar;
lucht éithigh ar an bhfán iad ón uair a saolaíodh iad.
5 Is cosúil a nimh le nimh nathrach nimhe;
le nimh na nathrach a chalcann a cluasa
6dʼeagla go gcluinfeadh sí glór an mhealltóra
nó glór an draíodóra ag imirt a chuid draíochta.
7Déan a bhfiacla a bhriseadh ina mbéal, a Dhia;
stoith amach cúilfhiacla na leon, a Thiarna.
8Go gceiliúra siad amhail uisce a shníonn le fána,
go bhfeo siad amhail féar nuair a bhuailtear cos air.
9Go leá siad amhail seilide a ndéantar sláthach de,
amhail toircheas anabaí nach bhfaca riamh an ghrian.
10Sula dtéitear bhur gcorcáin le teas na ndriseog
sciobfar chun siúil iad, idir ghlas agus chríon.
11Beidh ríméad ar an bhfíréan nuair a fheicfidh sé an díoltas
agus nífidh sé a chosa i bhfuil na n‑urchóideach.
12Déarfar: “Dar go deimhin gheobhaidh an fíréan luach saothair;
tá Dia ann go dearfa a thugann breithiúnas ar talamh.”

Iliyochaguliwa sasa

Salm 58: ABN2012

Kuonyesha

Shirikisha

Nakili

None

Je, ungependa vivutio vyako vihifadhiwe kwenye vifaa vyako vyote? Jisajili au ingia