Chapa ya Youversion
Ikoni ya Utafutaji

Salm 54

54
Dia na Córa
1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví 2nuair a tháinig muintir Zíf ag triall ar Shól dá rá leis: “Féach, tá Dáiví i bhfolach inár measc.”
3Slánaigh mé a Dhia, le dʼainm;
déan mo chúis a agairt le do neart.
4Éist, a Dhia, le mʼurnaí,
tabhair cluas do bhriathra mo bhéil.
5Óir dʼéirigh lucht an díomais amach i mʼéadan,
agus tá daoine gan trua ar thóir mʼanama;
níl aird dá laghad acu ar Dhia. Selah
6Féach! tá Dia ag teacht i gcabhair orm;
tá an Tiarna ag coinneáil an dé ionam.
7Fillfidh an t‑olc ar mo naimhde;
díothaigh iad as ucht do dhílse.
8Déanfaidh mé íobairt duit, a Thiarna, go fonnmhar,
agus molfaidh mé dʼainm toisc gur maith é.
Óir dʼfhuascail tú ón uile thrioblóid mé
ionas go bhfaca mé mo naimhde dá dtreascairt.

Iliyochaguliwa sasa

Salm 54: ABN2012

Kuonyesha

Shirikisha

Nakili

None

Je, ungependa vivutio vyako vihifadhiwe kwenye vifaa vyako vyote? Jisajili au ingia