1 Corantaigh 11
11
1Déanaigíse aithris orm-sa mar a dhéanaimse aithris ar Chríost.
Ceannbheart na mBan
2Molaim sibh as a bheith ag cuimhneamh orm i gcónaí agus as a bheith ag cloí leis na traidisiúin a thaobhaigh mé libh. 3Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh, áfach, go bhfuil Críost ina cheann ar gach fear, go bhfuil an fear ina cheann ar a bhean agus go bhfuil Dia ina cheann ar Chríost. 4Aon fhear a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus a cheann clúdaithe aige, tugann sé náire don té is ceann air. 5Aon bhean, áfach, a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus í ceann-nochta, tugann sí náire don té is ceann uirthi; is cuma é agus a ceann a bheith bearrtha. 6Mar mura gclúdaíonn bean a ceann, déantar í a bhearradh. Agus ós cúis aithise do bhean a ceann a bhearradh nó a folt a ghearradh, clúdaíodh sí a ceann.
7Ní gá dʼfhear a cheann a chlúdach mar is íomhá agus macasamhail Dé é; ach is macasamhail den fhear an bhean; 8mar ní ón mbean a tháinig an fear ach is ón bhfear a tháinig an bhean. 9Agus ní ar mhaithe leis an mbean a cruthaíodh an fear: is ar mhaithe leis an bhfear a cruthaíodh an bhean. 10Dá réir sin ní miste don bhean comhartha an smachta a bheith ar a ceann aici mar gheall ar na haingil. 11Ina dhiaidh sin agus uile níl an bhean neamh-spleách leis an bhfear ná an fear neamh-spleách leis an mbean sa Tiarna; 12faoi mar a tháinig an bhean ón bhfear ar dtús, is ón mbean a shaolaítear an fear agus is ó Dhia a thagann an uile ní.
13Fágaim faoi bhur mbreith féin an scéal; an cuí do bhean a bheith ag guí chun Dé agus gan aon ní ar a ceann aici? 14Nach é a mhúineann an nádúr féin dúinn gur cúis aithise dʼfhear a chuid gruaige a bheith fada aige 15ach gur barr maise do bhean a cuid gruaige a bheith amhlaidh? Go deimhin is mar chumhdach a tugadh an folt di. 16Ach má tá fonn aighnis ar aon duine faoin scéal, níl a mhalairt de nós againne ná ag eaglaisí Dé.
Mí-iompar ag Séire an Tiarna
17Sa treoir seo atáim a thabhairt daoibh níl aon mholadh le déanamh agam oraibh mar nach fearrde sibh bhur dteacht le chéile ach gur measaide sibh é. 18Ar an gcéad dul síos cloisim go mbíonn easaontas eadraibh nuair a thagann sibh le chéile mar eaglais, rud a chreidim cuid mhaith. 19Caithfidh aicmí a bheith oraibh gan dabht chun go n-aithneofaí cé hiad na daoine fiúntacha oraibh. 20Ach nuair a thagann sibh i gceann a chéile mar sin ní ag caitheamh séire an Tiarna é, 21mar is amhlaidh a thosaíonn gach duine ar a shéire féin a chaitheamh roimh an gcuid eile, agus bíonn ocras ar dhuine amháin agus duine eile ar meisce. 22Nach bhfuil tithe de bhur gcuid féin agaibh chun a bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an é is áil libh eaglais Dé a dhíspeagadh agus na boicht a náiriú? Cad a déarfaidh mé libh mar sin? Sibh a mholadh dá bharr, an ea? Go deimhin ní mholfaidh mé.
Bunú na hEocairiste
23Is é fios a fuair mé féin ón Tiarna agus a thug mé daoibhse: mar atá, an oíche a bhí an Tiarna Íosa le tabhairt ar láimh, thóg sé arán 24agus, ar altú dó, bhris agus dúirt: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt suas ar bhur son; déanaigí é seo mar chuimhne orm.” 25Mar an gcéanna tar éis na proinne thóg sé an cupán ag rá: “Is é an cupán seo an nuachonradh i mo chuid fola. Déanaigí é seo mar chuimhne orm a mhinice a ólfaidh sibh é.”
26A mhinice, más ea, a itheann sibh an t-arán seo agus a ólann sibh an cupán, bíonn sibh ag fógairt bhás an Tiarna nó go dtiocfaidh sé. 27Dá chionn sin, duine ar bith a chaitheann an t-arán nó a ólann cupán an Tiarna go míchuí beidh sé ciontach i gcorp agus i bhfuil an Tiarna.
28Déanadh duine é féin a scrúdú mar sin sula gcaitheann sé an t-arán agus sula n-ólann sé as an gcupán, 29mar an té a itheann agus a ólann gan corp an Tiarna a aithint, is é a dhaoradh féin a itheann agus a ólann sé. 30Sin é an fáth a bhfuil a oiread sin agaibh tinn agus lag agus cuid mhaith agaibh tar éis bháis. 31Dá mbreithneoimis sinn féin ní bheadh breith dá tabhairt orainn. 32Ach nuair a thugann Dia breith orainn is dár gceartú a bhíonn sé i dtreo nach ndaorfaí sinn mar aon leis an saol. 33Dá bhrí sin, a bhráithre, nuair a thagann sibh le chéile chun bia a chaitheamh, fanaigí lena chéile. 34Má bhíonn ocras ar dhuine ar bith, itheadh sé a chuid sa bhaile sa tslí nach do bhur ndaoradh a thiocfaidh sibh le chéile. Socróidh mé na cúrsaí eile nuair a thiocfaidh mé.
Actualmente seleccionado:
1 Corantaigh 11: ABN2012
Destacar
Compartir
Copiar
¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.