1 Corantaigh 10
10
Rabhadh faoin Íoladhradh
1Ní háil liom nach mbeadh a fhios agaibh, a bhráithre, go raibh ár sinsir uile faoi scáth an scamaill agus go ndeachaigh siad uile tríd an muir, 2agus gur baisteadh iad uile sa scamall agus sa mhuir i gcomhar le Maois. 3Chaith siad uile an bia spioradálta céanna 4agus dʼól siad an deoch spioradálta chéanna mar gur ól siad deoch ón gcarraig spioradálta a bhí dá leanúint–agus ba é Críost an charraig sin. 5Mar sin féin ní raibh Dia buíoch dá bhformhór agus dá chomhartha sin fágadh sínte iad faoin bhfásach. 6Is mar shampla dúinne a tharla na nithe sin, dá fhógairt dúinn gan dúil a chur i ndrochnithe faoi mar a chuir siad siúd. 7Ná bígí ag adhradh déithe bréige, más ea, faoi mar a bhí cuid acu siúd de réir mar atá scríofa: “Shuigh an pobal seo fúthu ag ithe agus ag ól agus mʼéirigh siad suas chun spóirt.”
8Agus ná déanaimis drúis faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur thit in aon lá amháin trí mhíle ar fhichid acu. 9Ná cuirimis triail ar an Tiarna faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur mharaigh na nathracha nimhe iad. 10Agus ná déanaigí monabhar mar a rinne cuid acu sin monabhar gur scrios an scriosadóir iad.
11Tharla na nithe sin dóibh mar shampla dúinne agus scríobhadh iad mar rabhadh dúinne ar ar tháinig críoch na n-aoiseanna. 12Dá réir sin an té ar dóigh leis go bhfuil sé ina sheasamh, tugadh sé aire ar eagla go dtitfeadh sé. 13Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n-acmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.
14Dá chionn sin, a chairde ionúine, seachnaígí an t-íoladhradh. 15Ós ag caint le daoine stuama atáim, breithnígí féin a bhfuil agam dá rá: 16Cupán an altaithe a bheannaímid, nach páirtíocht i bhfuil Chríost é? Agus an t-arán a bhrisimid nach páirtiocht i gcorp Chríost é? 17Ós aon arán amháin é, níl ionainne dá líonmhaire sinn ach aon chorp amháin toisc go gcaithimid go léir an t-aon arán amháin.
18Breathnaígí Iosrael na staire: an chuid acu a chaitheann an bia íobartha nach mbíonn siad páirteach san altóir? 19Céard atá i gceist agam? Go bhfuil brí ar bith leis an mbia a ofráiltear dʼíola nó go bhfuil brí ar bith leis an íol? 20Ní hea go deimhin; ach toisc gur do dheamhain agus nach do Dhia a ofrálann na págánaigh a gcuid íobairtí, níor mhaith liom go mbeadh aon pháirt agaibh-se leis na deamhain sin. 21Ní féidir daoibh cupán an Tiarna a ól agus cupán na ndeamhan a ól chomh maith. Ní féidir daoibh suí chun bord an Tiarna agus suí chun bord na ndeamhan chomh maith. 22An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?
23“Tá gach ní ceadaithe.” Tá, ach ní hé gach ní a théann chun sochair. Tá gach ní ceadaithe ach níl gach ní fóinteach. 24Ná bíodh aon duine ar mhaithe leis féin ach ar mhaithe lena chomharsa. 25Aon ní a bhíonn dá dhíol ar an margadh, ithigí é gan ceist ó thaobh coinsiasa 26mar “is le Dia an domhan agus a bhfuil ann”. 27Agus má thugann neamhchreidmheach cuireadh chun dinnéir daoibh agus gurb áil libh dul ann, gach a gcuirtear os bhur gcomhair ithigí é gan cheist ó thaobh coinsiasa. 28Má deir duine éigin libh áfach: “Is bia íobartha é seo,” ná caithigí an bia sin, ar mhaithe leis an té a chuir in iúl daoibh é agus ar mhaithe leis an gcoinsias– 29ní hé do choinsias féin atá i gceist agam ach coinsias an fhir thall. Cén fáth a mbeadh mo shaoirse-se dá meas de réir coinsias duine eile? 30Má chaithimse mo chuid go buíoch cén fáth a gcáinfí mé mar gheall ar bhia a altaím? Dá bhrí sin cibé acu a dhéanann sibh ithe nó ól nó ní ar bith eile, déanaigí an t-iomlán chun glóire Dé. 31Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná dʼeaglais Dé. 32Sin é mo dhála-sa: bím ag iarraidh gach duine a shásamh i ngach slí gan aon tóir agam ar mo leas féin ach ar leas an tslua le hionchas go slánofaí iad.
Actualmente seleccionado:
1 Corantaigh 10: ABN2012
Destacar
Compartir
Copiar
¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.