Logo de YouVersion
Icono de búsqueda

1 Corantaigh 12

12
Tíolacthaí an Spioraid
1Maidir le tíolacthaí an Spioraid, níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh aon aineolas oraibh ina dtaobh. 2Tá a fhios agaibh fad a bhí sibh in bhur bpágánaigh go mbíodh sibh do bhur seoladh ar mearbhall i ndiaidh na n-íol balbh. 3Sin é an fáth a bhfuilim dá thabhairt le fios daoibh nach féidir dʼaon duine “Mallacht ar Íosa” a rá agus é ag labhairt faoi anáil Spioraid Dé agus nach féidir dʼaon duine ach a oiread “Is é Íosa an Tiarna” a rá ach amháin faoi anáil an Spioraid Naoimh.
4Tá tíolacthaí difriúla ann ach an t-aon Spiorad amháin; 5tá feidhmeannais dhifriúla ann ach an t-aon Tiarna amháin; 6agus tá oibreacha difriúla ann ach is é an Dia céanna a bhíonn dá n-oibriú go léir i ngach ceann riamh acu. 7An léiriú a dhéantar ar an Spiorad i ngach duine ar leith, is chun tairbhe an phobail mhóir é. 8Mar shampla faigheann duine amháin labhairt go heagnaí ón Spiorad agus faigheann duine eile labhairt go feasach ón Spiorad céanna. 9Faigheann duine eile creideamh tríd an Spiorad céanna, agus duine eile buanna leighis tríd an aon Spiorad. 10Faigheann duine eile cumas míorúiltí agus duine eile fós bua na tairngreachta agus duine eile arís na spioraid a aithint ó chéile. Bíonn teangacha éagsúla ag duine amháin agus míniú teangacha ag duine eile. 11Ach is é an Spiorad ceannann céanna a bhíonn ag oibriú sna tíolacthaí seo uile agus é ag dáileadh ar gach duine faoi leith de réir mar is áil leis féin.
Baill den aon Chorp
12Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. Is é an dála céanna ag Críost é: 13mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn. 14Ní haon bhall amháin atá sa chorp ach mórán ball. 15Má deir an chos: “Toisc nach lámh mé, ní bhainimse leis an gcorp,” ní fhágann sin nach cuid den chorp í. 16Nó má deir an chluas: “Toisc nach súil mé, ní bhainimse leis an gcorp,” ní fhágann sin nach cuid den chorp í. 17Dá mba shúil an corp iomlán, cá mbeadh an éisteacht? Nó dá mba éisteacht an t-iomlán cá mbeadh an boladh? 18Faoi mar atá, áfach, shocraigh Dia gach ball ar leith de na baill bheatha sa chorp de réir mar ab áil leis féin é. 19Dá mba aon bhall amháin an t-iomlán acu, cá mbeadh an corp? 20Is amhlaidh mar atá an scéal, áfach: tá mórán ball ann agus aon chorp amháin.
21Más ea, ní féidir don tsúil a rá leis an lámh: “Níl aon ghnó agam díot-sa”; ná ní féidir don cheann a rá leis na cosa: “Níl aon ghnó agam díbhse.” 22Ní hea, ach na baill a bhfuil an chuma is leochailí orthu, is iad is riachtanach. 23Agus na baill den chorp is lú gradam linn, is iad is onóraí a chóirímid; agus na baill is lú maise atá againn is iad is cuibhiúla a mhaisítear, 24rud nach gá a dhéanamh dár mbaill mhaisiúla. Chuir Dia an corp le chéile sa tslí gur thug sé breis den ghradam don bhall a bhí dá cheal, 25ar shlí nach mbeadh aon deighilt sa chorp ach go mbeadh na baill ag déanamh an chúraim chéanna dá chéile. 26Dá chionn sin, má bhíonn tinneas ar bhall amháin bíonn na baill go léir i gcomhphian leis, agus má bhíonn ball faoi mheas, bíonn na baill go léir ag déanamh comhghairdis leis.
27Is sibh-se corp Chríost agus is ball dá chuid gach duine ar leith agaibh. 28San eaglais tá daoine áirithe ceaptha ag Dia ina n-aspail sa chéad áit; sa dara háit tá na fáithe; sa tríú háit tá na múinteoirí; ansin tá lucht míorúiltí agus ina ndiaidh sin tá lucht leighis, lucht freastail, lucht stiúrtha, agus lucht teangacha éagsúla. 29An aspail sibh uile? An fáithe sibh uile? An múinteoirí sibh uile? An bhfuil cumas míorúiltí agaibh uile? 30An bhfuil buanna leighis agaibh uile? An bhfuil labhairt i dteangacha agaibh uile? An bhfuil míniú teangacha agaibh uile?
An Grá
31Is ar na tíolacthaí is tábhachtaí ba cheart tóir a bheith agaibh agus táim-se chun ríbhealach a thaispeáint daoibh.

Actualmente seleccionado:

1 Corantaigh 12: ABN2012

Destacar

Compartir

Copiar

None

¿Quieres tener guardados todos tus destacados en todos tus dispositivos? Regístrate o inicia sesión