YouVersion Logo
Search Icon

Barúch 3

3
1A Thiarna uilechumhachtaigh, a Dhia Iosrael, is anam buartha agus spiorad imníoch atá ag éamh ort. 2Éist, a Thiarna, agus déan trócaire orainn, mar gur pheacaíomar i d'aghaidh. 3Óir, bíonn tusa i do shuí ar do chathaoir ríoga i gcónaí ach bímidne ag meath gan stad. 4A Thiarna uilechumhachtaigh, a Dhia Iosrael, éist anois le guí mhuintir mharbh Iosrael agus chlann mhac na ndaoine a pheacaigh i d'aghaidh; níor éist siadsan le glór an Tiarna, a nDia, agus carnadh tubaistí orainne dá bharrsan. 5Ná cuimhnigh ar choireanna ár n‑aithreacha ach i láthair na huaire seo cuimhnigh ar do chumhacht agus ar de chlú féin. 6Óir, is tú an Tiarna, ár nDia, agus molaimid thú, a Thiarna. 7Is chuige seo a chuir tú eagla ar ár gcroíthe romhat: go nglaofaimis ar d'ainm; molaimid thú le linn ár ndeoraíochta mar dhíbríomar urchóid ár sinsear a pheacaigh i d'aghaidh, ónár gcroíthe. 8Féach orainn inniu agus sinn ar deoraíocht sa tír ar scaip tú inti sinn le go ndéanfaí sinn a mhaslú agus a mhallú agus a smachtú mar gheall ar choireanna uile ár n‑aithreacha a thréig an Tiarna, ár nDia.
Adhmholadh na hEagna
Ba é Tréigean na hEagna Bunúdar na Deoraíochta
9Éist, a Iosrael, le haitheanta na beatha;
tabhair cluas d'fhonn an chríonnacht a fhoghlaim.
10Cén fáth, a Iosrael, cén fáth
a bhfuil tú ag lonnú i dtír do naimhde
agus ag dul in aois i dtír iasachta?
11Cén fáth ar truaillíodh ag na mairbh thú
agus ar áiríodh thú orthu siúd
a théann síos go Háidéas?
12Toisc gur thréig tú tobar na heagna.
13Dá mbeitheá tar éis slí an Tiarna a leanúint
bheitheá ag maireachtáil sa tsíocháin de shíor.
14Foghlaim cá bhfuil an chríonnacht
agus an chumhacht agus an tuiscint,
chun a fháil amach ag an am céanna
cá bhfuil fad saoil agus an bheatha
agus solas don tsúil agus an tsíocháin.
Ní Furasta Teacht ar an Eagna
15Cé a fuair amach riamh áitreabh na heagna?
Cé a chuaigh isteach ina stórais riamh?
16Cá bhfuil ceannairí na gciníocha
agus ceansaitheoirí ainmhithe na cruinne?
17Cá bhfuil foghlaeirí éanlaith an aeir
agus lucht taiscthe airgid agus óir -
nithe a gcuireann daoine a muinín iontu -
ar dream iad nach bhfuil ríochan lena saibhreas.
18Cá bhfuil na gaibhne geala
a oibríonn chomh cúramach sin
nach bhfuil cur síos ar ealaíontacht a saothair?
19Tá siad go léir téaltaithe leo
agus imithe síos go Háidéas
agus tá dream eile tar éis éirí suas ina n‑áit.
20Tháinig glúin níos óige ar an saol,
agus d'áitrigh siad an tír ina ndiaidh;
ach níorbh fhios dóibh ach oiread slí an eolais;
21ná níor thug siad aird ar a bealaí
ná ní raibh siad gafa léi chor ar bith;
is amhlaidh a d'imigh a gclann mhac
i bhfad ar fán óna bealach.
22Níor chualathas trácht uirthi i gCanán;
ná ní fhacthas í i dTéamán.
23Fiú amháin sliocht Ágar
a bhíonn ar thóir na tuisceana ar an talamh,
agus trádálaithe [Mhidián] agus Théamán
agus na seanchaithe agus lucht cuardaithe an eolais,
níor aimsigh siad slí na heagna
ná níor chuimhin leo a bealaí.
24A Iosrael, nach mór go deimhin é teach Dé!
Nach fairsing é a fhearannas!
25Is leathan é go deimhin
agus níl aon teorainn leis;
is ard é chomh maith
agus tá sé dothomhaiste.
26Is ann a gineadh na fathaigh cháiliúla,
a bhí ann anallód -
fír a bhí an-ard agus oilte i gcúrsaí cogaidh.
27Níorbh iad siúd a thogh Dia,
ná ní dóibh a thaispeáin sé slí an eolais.
28Bascadh iad toisc gan bua na tuisceana a bheith acu;
díothaíodh iad mar gheall ar a ndíth céille.
29Cé a chuaigh suas ar neamh
chun breith uirthi
agus chun í a thabhairt anuas chugainn
ó na néalta?
30Cé a chuaigh thar lear chun í a fháil
agus a cheannach ar thogha an óir?
31Ní eol d'aon duine an tslí chuici
ná ní mian le duine ar bith
an bealach chuici a leanúint.
Dia a Bhronn an Eagna ar Iosrael
32Ach an té arb eol dó gach uile ní,
is aithnid dósan í.
Chuir sé eolas uirthi de thoradh a ghaoise.
An té a chóirigh an chruinne
chun go mbeadh sí ann go deo,
líon sé le hainmhithe ceathairchosacha í.
33Seolann sé an solas uaidh féin amach
agus imíonn sé leis;
b'eisean a ghlaoigh air;
agus ghéill an solas dó le teann eagla.
34Shoilsigh na réaltaí ina n‑ionaid faire
agus rinne siad gairdeas.
35 Ghlaoigh sé orthu
agus d'fhreagair siad: “Anseo sinn!”
Thug siad solas uathu go lúcháireach
don té a chruthaigh iad.
36 Eisean ár nDia;
níl aon dia eile ann
atá inchomórtais leis.
37 Fuair sé amach slite uile na gaoise
agus thaispeáin sé do Iacób, a sheirbhíseach, iad
agus do Iosrael, grá geal a chroí.
38 Ina dhiaidh sin, chonacthas ar an talamh í
agus mhair sí i measc na hÁdhamhchlainne.

Currently Selected:

Barúch 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy