YouVersion Logo
Search Icon

Barúch 2

2
1Mar sin de, chuir an Tiarna i gcrích an bhagairt a rinne sé inár n‑aghaidh agus in aghaidh na mbreithiúna a rialaíodh Iosrael tráth, in aghaidh ár ríthe, in aghaidh ár móruaisle agus in aghaidh chosmhuintir Iosrael agus Iúdá; 2is amhlaidh a thug sé orainn anacraí géara nár cheadaigh sé a leithéid áit ar bith eile faoin spéir; de réir mar atá sé scríofa i ndlí Mhaois thit sé amach in Iarúsailéim 3gur ith duine amháin dínn feoil a mhic agus duine eile feoil a iníne; 4chuir an Tiarna iad faoi smacht na ríochtaí uile atá inár dtimpeall ionas go mbeidís ina n‑ábhar aithise agus ainnise i measc na náisiún uile máguaird a raibh sé tar éis iad a scaipeadh iontu. 5In ionad iad a bheith i gceannas is é an chaoi a bhí siad faoi chois mar pheacaíomar in aghaidh an Tiarna nuair nár éisteamar lena ghlór.
6Is ag an Tiarna, ár nDia, atá an ceart; ach is léir inniu, is cóir aghaidheanna, atá ar lasadh le náire, a bheith orainne agus ar ár n‑aithreacha. 7Na hanachana sin go léir a bhagair an Tiarna orainn, tháinig siad orainn. 8Mar sin féin, níor iarramar d'achainí ar an Tiarna gach duine dínn a iompú ó smaointe claona a chroí mhallaithe; 9ach bhí an Tiarna ag faire na faille orainn chun na hanacraí sin a thabhairt orainn; mar is cóir é an Tiarna maidir leis na horduithe uile a thug sé dúinn le comhlíonadh. 10Ach níor éisteamar lena ghlór á rá linn maireachtáil de réir na n‑aitheanta a leag sé orainn.
Impí
11Agus anois, a Thiarna, a Dhia Iosrael, threoraigh tú do phobal amach as an Éigipt le láimh láidir agus le comharthaí agus le héachtaí, le fuinneamh mór agus le cuisle chumasach agus, mar is léir dúinn inniu, thuill tú clú duit féin dá bharrsan; 12ach, a Thiarna, a Dhia linn, pheacaíomar; bhíomar éagráifeach agus rinneamar an éagóir, gníomhartha a bhí in aghaidh do reachtanna uile. 13Go maolaítear uainn, áfach, do chuid feirge mar níl ach buíon bheag dínn fágtha i measc na náisiún ar scaip tú sinn iontu.
14Éist, a Thiarna, lenár nguí agus lenár n‑achainí agus fuascail sinn ar son d'ainm agus deonaigh dúinn go mbeidh gnaoi na ndaoine a thug ar deoraíocht sinn orainn, 15ionas go mbeidh a fhios ag an domhan go léir gur tusa an Tiarna, ár nDia, de bhrí gur tugadh d'ainm ar Iosrael agus ar a shliocht. 16Dearc anuas, a Thiarna, ó d'áitreabh naofa agus cuimhnigh orainn; claon do chluas, a Thiarna, agus éist linn. 17Oscail do shúile agus féach orainn; mar ní hiad na mairbh atá in Háidéas a bhfuil an anáil imithe as a gcorp a thabharfaidh glóir agus ceartseirbhís don Tiarna 18ach na daoine a mbíonn buaireamh an-mhór orthu agus a bhíonn ag gabháil timpeall agus iad cromtha síos go lagbhríoch agus radharc a súl ag meath agus iad stiúgtha leis an ocras; sin iad na daoine a thabharfaidh glóir duit agus a fhónfaidh duit go hionraic.
19Óir, ní mar gheall ar dhea-oibreacha ár n‑aithreacha agus ár ríthe atáimid a iarraidh ort trócaire a dhéanamh orainn, a Thiarna, a Dhia linn. 20Mar, tá tú tar éis fearg agus fraoch a ghlacadh linn de réir mar a d'fhógair tú trí bhéal do sheirbhíseach, na fáithe: 21“Is mar seo a labhraíonn an Tiarna,” ar siad, “cromaigí bhur nguaillí agus déanaigí seirbhís do rí na Bablóine agus fanfaidh sibh sa tír a thug mé do bhur n‑aithreacha. 22Ach mura n‑éisteann sibh le glór an Tiarna á rá libh seirbhís a dhéanamh do rí na Bablóine, 23cuirfidh mé ina thost guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus in Iarúsailéim agus beidh an tír go léir ina fásach gan áitritheoirí.” 24Ach níor éisteamar le do ghlór á rá linn seirbhís a dhéanamh. Mar sin de, chuir tú i gcrích na briathra a labhair tú trí bhéal do sheirbhíseach, na fáithe; go dtógfaí amach as a n‑ionad adhlactha cnámha ár ríthe agus ár n‑aithreacha; 25agus, féach, tá siad caite amach anois faoi bhrothall an lae agus faoi shioc na hoíche. Is amhlaidh a fuair siad bás le hanacraí uafásacha, le hocras, le faobhar an chlaímh agus le plá. 26Agus an teach, ar tugadh d'ainm féin air, tá tú tar éis a chur sa riocht ina fheictear é inniu de dheasca urchóid theaghlach Iosrael agus theaghlach Iúdá.
27Mar sin féin, a Thiarna, a Dhia linn, chaith tú linn de réir do cheansachta caoine agus do mhórthrócaire uile 28faoi mar a d'fhógair tú trí bhéal do sheirbhísigh, Maois, nuair a d'ordaigh tú dó do dhlí a scríobh síos i láthair mhuintir Iosrael, á rá: 29“Mura n‑éisteann sibh le mo ghlór, déanfar buíon bheag den slua ábhalmhór seo i measc ha náisiún a scaipfidh mé iontu iad. 30Óir, is eol dom nach n‑éistfidh siad liom mar is ceanndána an pobal iad. Ach i dtír a ndeoraíochta béarfaidh siad ar a gciall 31agus tuigfidh siad gur mise an Tiarna, a nDia. Agus tabharfaidh mé dóibh croí géilliúil agus cluasa aireacha; 32agus molfaidh siad mé i dtír a ndeoraíochta agus tabharfaidh siad m'ainm chun chuimhne 33agus iompóidh siad óna stuacacht agus óna ndrochghníomhartha; mar cuimhneoidh siad ar shlite a n‑aithreacha a pheacaigh in aghaidh an Tiarna; 34agus treoróidh mé arís iad isteach sa tír a gheall mé de bhrí na mionn dá n‑aithreacha, d'Abrahám, agus d'Íosác agus d'Iacób agus rialóidh siad é; agus cuirfidh mé lena líon agus ní thiocfaidh laghdú ar bith orthu. 35Déanfaidh mé conradh síoraí 36 leo sa chaoi go mbeidh mise i mo Dhia acusan agus go mbeidh siad ina bpobal agamsa. Agus ní dhíbreoidh mé mo phobal Iosrael choíche arís as an tír a thug mé dóibh.”

Currently Selected:

Barúch 2: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy