Barúch 4
4
1Is ise leabhar aitheanta Dé
agus an dlí a mhaireann go deo.
Mairfidh a gcoinneoidh greim uirthi;
éagfaidh a dtréigfidh í.
Aitheasc
2Iompaigh, a Iacóib, agus beir uirthi;
ar aghaidh leat i dtreo na loinnreach
in airicis a cuid solais.
3Ná tabhair do ghradam d'aon duine eile;
ná bronn do phribhléidí ar chine coimhthíoch.
4Is méanar dúinne, a Iosrael,
mar is eol dúinn
na nithe atá taitneamhach le Dia.
Gríosadh agus Sólású
Labhraíonn Iarúsailéim lena Clann Féin -- agus Lena Comharsana
5Bíodh misneach agaibh, a phobal liom,
a shéadchomhartha Iosrael!
6Ní chun go ndíothófaí sibh
a díoladh leis na náisiúin sibh;
is amhlaidh a tugadh ar láimh do bhur naimhde sibh
toisc gur chuir sibh fearg ar Dhia.
7Óir chuir sibh bhur gcruthaitheoir le buile
toisc nach do Dhia ach do dheamhain
a rinne sibh íobairtí.
8Lig sibh i ndíchuimhne
an Dia síoraí a chruthaigh sibh
agus thairis sin chuir sibh brón
ar Iarúsailéim, bhur mbuime.
9Óir chonaic sí go raibh fearg Dé
tar éis éirí in bhur gcoinne agus dúirt sí:
Éistigí, a chomharsana Shíón;
tá Dia tar éis buairt mhór a chur orm.
10Óir chonaic mé mo mhacra agus m'iníonra
á seoladh uaim ina mbraighdeanaigh chogaidh -
pionós a ghearr an Neach Síoraí orthu.
11Thóg mé iad go lúcháireach
ach is faoi bhrón agus faoi bhuairt
a b'éigean dom iad a ligean uaim.
12Ná bíodh sé ina ábhar áthais ag aon duine
mise a bheith i mo bhaintreach
agus mé fágtha liom féin ag cách;
tréigeadh mé de dheasca peacaí mo chlainne;
óir chlaon siad ó dhlí Dé.
13Níorbh eol dóibh a reachtanna;
níor shiúil siad ar bhóithre aitheanta Dé
ná níor lean siad bealaí teagaisc a fhíréantachta.
14Tagadh comharsana Shíón anseo;
cuimhnígí ar bhraighdeanas mo mhacra agus m'iníonra,
a ghearr an Neach Síoraí orthu mar phionós.
15Óir scaoil sé ina n‑aghaidh
náisiún a tháinig ó i bhfad i gcéin,
náisiún mínáireach, a labhair teanga choimhthíoch,
nár thug urraim do sheandaoine
agus nach raibh trua aige do leanaí óga,
16agus a thug chun siúil macra muirneach na baintrí
agus a d'fhág ina haonar í i bhfad óna hiníonra.
17I dtaca liomsa de, áfach,
conas is féidir dom cabhrú libh?
18Óir, an té a scaoil na hanacraí anuas oraibh,
sciobfaidh sé ó lámha bhur naimhde sibh.
19Imígí libh, a chlann ó, imígí;
mar táimse fágtha anseo i m'aonar.
20Bhain mé róba na síochána díom
agus chuir mé éadach róin an impígh orm;
beidh mé ag glaoch ar an Neach Síoraí
fad a bheidh mé beo.
21Bíodh misneach agaibh, a chlann ó!
Glaoigí ar Dhia!
Eisean a sciobfaidh sibh ón ansmacht
agus ó lámha bhur naimhde.
22Óir is as an Neach Síoraí atá mo dhóchas
go sábhálfar sibh;
mar líon an tAon Naofa, bhur Slánaitheoir Síoraí,
mo chroí le háthas de bharr na trócaire
a dhéanfar oraibh ar ball beag.
23Óir, sheol mé amach uaim sibh
faoi bhrón agus faoi bhuairt;
ach tabharfaidh Dia ar ais dom sibh
le háthas agus le lúcháir a mhairfídh go deo.
24Amhail mar a chonaic áitritheoirí Shíón
bhur mbraighdeanas anois beag,
sin mar a fheicfidh siad gan mhoill
an tarrtháil a dhéanfaidh bhur nDia oraibh,
tarrtháil a dhéanfar oraibh
le mórghlóir agus le niamhracht an Neach Shíoraí.
25Cuirigí suas go foighneach, a chlann ó,
leis an racht feirge
a lig Dia amach in bhur n‑aghaidh.
Tá bhur naimhde tar éis teacht suas libh
ach ar ball beag feicfidh sibh
iad á mbascadh agus satlóidh sibh ar a muiníl.
26Tá mo pheataí tar éis bóithre garbha a ghabháil;
tógadh chun siúil iad
mar thréad a ndearna an namhaid foghail air.
27Músclaígí bhur misneach, a chlann ó;
agus glaoigí ar Dhia.
Óir, an té a tharraing an tubaiste seo oraibh,
ní ligfidh sé i ndíchuimhne sibh.
28Faoi mar a bhí sé ar intinn agaibh
dul ar seachrán ó Dhia,
casaigí ar ais anois
agus lorgaigí é le barr bhur ndíchill.
29Óir, an té a tharraing na hanacraí anuas oraibh,
tabharfaidh sé aoibhneas síoraí daoibh,
nuair a shábhálfaidh sé sibh.
Tugtar Sólás do Iarúsailéim
30Bíodh misneach agat, a Iarúsailéim.
An té a thug d'ainm duit,
is é a ghríosann thú.
31Is mairg dóibh siúd a thug drochíde ort
agus arb ábhar áthais dóibh do thurnamh.
32Is mairg do na cathracha
a raibh do chlann ina sclábhaithe acu,
is mairg freisin don chathair úd
a ghlac le do mhacra.
33Óir, faoi mar ab ábhar áthais di do thurnamh
agus gur bhain sí taitneamh as do léirscrios,
sin mar a bheidh sí trombhuartha
mar gheall ar a bánú féin.
34Bainfidh mé di an cómhaíomh
a dhéanann sí as oll-líon a daonra
agus déanfar dólás dá díomas.
35Fearfaidh an Neach Naofa tine anuas uirthi
ar feadh mórán laethanta
agus beidh deamhain ina gcónaí inti
go ceann i bhfad.
36Breathnaigh soir, a Iarúsailéim,
go bhfeice tú an t‑aoibhneas
atá ag teacht chugat ó Dhia.
37Féach! An macra a chonaic tú ag imeacht uait,
tá siad ag filleadh agus iad bailithe le chéile
ar ordú an Neach Naofa
agus ag déanamh lúcháire faoi ghlóir Dé.
Currently Selected:
Barúch 4: ABN
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.