YouVersion Logo
Search Icon

Amós 2

2
1Mar seo a deir an Tiarna:
In éiric thrí pheaca Mhóáb,
in éiric a cheithre pheaca,
ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.
De bhrí go ndearna sé luaith de chnámha rí Eadóm,
2teilgfidh mé tine síos ar Mhóáb
agus dófaidh sí páláis Chiríot,
éagfaidh Móáb le linn an chlampair,
le linn gártha agus fuaim an trumpa;
3scriosfaidh mé an taoiseach óna lár
agus maróidh mé gach prionsa leis,
a deir an Tiarna.
Breithiúnas ar Iúdá
4Mar seo a deir an Tiarna:
In éiric thrí pheaca Iúdá,
in éiric a cheithre pheaca,
ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.
De bhrí gur thug siad a gcúl le dlí an Tiarna
agus nár choinnigh siad a aitheanta,
ach gur chuir na déithe bréige a lean a n‑aithreacha ar seachrán iad,
5teilgfidh mé tine síos ar Iúdá
agus dófaidh sí páláis Iarúsailéim.
Teachtaireacht Dé chuig Iosrael
6Mar seo a deir an Tiarna:
In éiric thrí pheaca Iosrael,
in éiric a cheithre pheaca,
ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.
De bhrí gur dhíol siad an fíréan i ngeall ar airgead
agus an bochtán i ngeall ar phéire cuarán,
7de bhrí go satlaíonn siad ar cheann an bhochtáin
agus go gcaitheann siad an dearóil ar leataobh,
de bhrí go dtaithíonn an t‑athair agus an mac
an striapach chéanna,
rud is masla do m'ainm naofa,
8de bhrí go luíonn siad síos ar thaobh gach altóra
ar éide a cuireadh i ngeall,
agus go n‑ólann siad i dteach a ndé
fíon na ndaoine a fíneáladh.
9Ina dhiaidh sin is uile scrios mé na hAmóraigh rompu,
fir a bhí chomh hard leis na céadrais
agus chomh láidir leis na daracha;
scrios mé a dtorthaí os cionn talún
agus a bpréamhacha thíos fúithi.
10Thug mé aníos sibh fosta ó thír na hÉigipte
agus threoraigh daichead bliain san fhásach sibh
chun go bhfaigheadh sibh dúiche an Amóraigh mar oidhreacht.
11Thóg mé fáithe as bhur sliocht fir
agus Naizírigh as bhur macra.
Nach amhlaidh atá, a chlann Iosrael?
a deir an Tiarna.
12Ach thug sibh ar na Naizírigh fíon a ól,
agus d'ordaigh sibh do na fáithe: “Ná déanaigí tairngreacht.”
13Féach, brúfaidh mise síos sibh,
mar a bhrúitear síos trucail lán de phunanna.
14Ní bheidh an reathaire in ann teitheadh,
caillfidh an tréanfhear a neart,
ní thabharfaidh an gaiscíoch a bheatha slán.
15Fear an bhogha ní sheasfaidh sé an fód,
ní éalóidh an luathchosach,
ní thiocfaidh an marcach as,
16an laoch is cróga
teithfidh sé leis gan chathéide an lá sin,
a deir an Tiarna.

Currently Selected:

Amós 2: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy