YouVersion Logo
Search Icon

Amós 3

3
Rabhadh do Iosrael
Gairm an Fháidh
1Éist leis an mbriathar seo a labhair an Tiarna i d'aghaidh, a phobal Iosrael, in aghaidh na clainne go léir a thug mé aníos ó thír na hÉigipte:
2Sibhse amháin as ciníocha uile
an domhain a fuair aitheantas uaim;
dá bhrí sin smachtóidh mé sibh
mar gheall ar bhur n‑uile pheaca.
3An siúlann beirt le chéile ar an tslí
gan [aithne] acu ar a chéile?
4An mbúireann an leon san fhoraois
agus é gan seilg?
An scairteann an coileán leoin óna phluais
agus é gan chreach?
An dtiteann éan isteach i ngaiste ar an talamh
agus gan dada ann chun é a mhealladh?
5An bpreabann an gaiste aníos ón talamh
agus gan aon rud ceaptha aige?
6An séideann trumpa sa chathair
gan eagla a theacht ar an bpobal?
An mbuaileann tubaiste an chathair
nach é an Tiarna is cúis leis?
7Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rud
gan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe.
8Bhúir an leon; cé air nach mbeidh eagla?
Labhraíonn an Tiarna Dia;
cé a d'fhéadfadh gan tairngreacht a dhéanamh?
Díothú na Samáire
9Fógair é i bpáláis na hAsaíre
agus i bpáláis na hÉigipte agus abair:
“Cruinnigí le chéile ar shléibhte na Samáire
agus breathnaígí uaibh mí-eagar na cathrach sin
agus an leatrom laistigh di.”
10“Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,”
a deir an Tiarna,
“ach líonann siad a bpáláis leis an gcreach
a fuair siad le foréigean agus le slad.”
11Dá bhrí sin is mar seo a deir an Tiarna Dia:
“Timpeallóidh an namhaid an tír,
bainfidh sé do chumhacht díot
agus creachfar do pháláis.”
12Mar seo a deir an Tiarna:
Mar a sciobann an t‑aoire ó bhéal an leoin
dhá chois nó leadhb de chluais,
is mar sin a fhuasclófar clann Iosrael
a chónaíonn sa tSamáir,
agus gan ach cnaiste leapa nó trasnán
de chathaoir thoilg slánaithe acu.
In Aghaidh Bhéit Éil
13Éistigí agus tugaigí fianaise
in aghaidh theach Iacóib,
a deir an Tiarna, Dia na Slua.
14An lá a smachtóidh mé Iosrael mar gheall ar a chionta,
smachtóidh mé altóirí Bhéit Éil chomh maith:
gearrfar adharca na haltóra anuas
agus titfidh siad ar lár.
15Scriosfaidh mé idir theach geimhridh
agus theach samhraidh,
bascfar na tithe eabhair
agus scartálfar mórán tithe,
a deir an Tiarna.

Currently Selected:

Amós 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy