Mar seo a deir an Tiarna:
In éiric thrí pheaca Iúdá,
in éiric a cheithre pheaca,
ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith.
De bhrí gur thug siad a gcúl le dlí an Tiarna
agus nár choinnigh siad a aitheanta,
ach gur chuir na déithe bréige a lean a n‑aithreacha ar seachrán iad