Seanfhocal 23

23
1Má shuíonn tú ag bord le flaith,
tabhair faoi deara go cúramach céard atá leagtha romhat.
2Cuir scian chun do scornaí,
má tá luí le craos agat.
3Ná cuir dúil ina shólais,
mar níl siad iontaofa mar bhia.
4Ná caith do dhúthracht ag cnuasach maoine,
agus ná bain le [breis bhradaigh].
5Caith súil uirthi agus imeoidh sí léi,
fásfaidh sciatháin uirthi,
dála an iolair a eitlíonn chun na spéire.
6Ná caith béile le duine gortach
agus ná bíodh dúil agat ina shólais,
7Ba gheall le [hanfa] ina scornach é agus le seirbhe ina chraos;
“Bí ag ithe agus ag ól,” a deir sé leat, ach ní ó chroí é.
8Déanfaidh tú cibé beagán a íosfaidh tú a aiseag,
agus rachaidh do bhladar amú.
9Ná cuir caint amú ar amadán,
mar nach dtuigfidh sé ciall do ráite.
10Ná haistrigh an chloch ársa theorann,
agus ná déan bradaíocht ar thalamh dílleachtaí.
11Óir is tréan é a bhfuasclóir,
agus déanfaidh sé a gcúis a thagairt i d'aghaidh.
12Cuir do chroí sa teagasc,
agus tabhair cluas do bhriathra na gaoise.
13Nara leasc leat smachtú linbh;
ní trúig bháis dó buille bata.
14Buail buille bata air
agus déanfair a anam a fhuascailt ó Sheól.
15A mhic, má tá do chroí-se ciallmhar,
ansin beidh lúcháir ar mo chroí féin;
16Beidh mé féin meidhreach meanmnach
nuair a sceithfidh do bhéal briathra córa.
17Ná bíodh do chroí in éad le peacaigh,
ach bí go teann gach lá faoi eagla an Tiarna;
18Óir tiocfaidh an lá amárach,
agus ní rachaidh do dhóchas amú.
19Éist liom, a mhic, agus bíodh ciall agat,
agus stiúraigh do chroí i slí [na gaoise].
20Ná taobhaigh lucht na síormheisce,
ná craosairí gnáth na feola.
21Óir lomann an pótaire is an craosaire iad féin,
agus ní fhágann an mhíogarnach ach balcaisí ar dhroim duine.
22Éist leis an athair a ghin thú,
agus ná bíodh drochmheas agat ar do mháthair ina seanaois.
23Ná déan an fhírinne riamh a dhíol, ach í a cheannach,
mar an gcéanna le heagna, le smacht, agus le tuiscint.
24Beidh lúcháir, ar ndóigh, ar athair an fhíréin;
an té a ghineann mac ciallmhar, beidh áthas air dá bharr.
25Gura tú ábhar lúcháire d'athar
agus suáilceas na mná a d'iompair thú!
26Tabhair dom do chroí, a mhic,
agus bíodh do shúile ar mo chomhairle:
27Cuithe domhain an striapach,
agus tobar cúng í an bhean dheoranta.
28Bíonn sí ag faire amach dála an bhithiúnaigh,
agus is iomaí fear ar a mbuaileann sí bob.
29Cé dó is mairg thar cách, cé dó is léan?
cé dó is dán an t‑aighneas, agus an gearán?
agus buillí ó gach taobh?
agus scamall sa tsúil?
30Do mhéiseálaithe fíona
a bhíonn ag tnúth de shíor le fíon dea-chumaisc.
31Ná bí tógtha le fíon nuair is dearg é,
nuair a bhíonn sé ag spréacharnach sa chorn,
ná nuair a shníonn sé siar go socair.
32Ar deireadh snapann sé mar a dhéanfadh nathair,
agus tá cealg ann mar atá san nathair nimhe.
33Feicfidh do shúile nithe aisteacha,
agus tiocfaidh briathra earráideacha ó íochtar do chroí.
34Beidh tú amhail duine ina chodladh i lár an aigéin,
amhail duine ina shuan ar an stiúir.
35“Buaileadar mé, an ea?” déarfaidh tú, “ach níor gortaíodh mé;
ar léasadar mé? ach ní bhraithim aon ní;
cathain a dhúiseoidh mé...? Beidh deoch eile uaim.”

Zur Zeit ausgewählt:

Seanfhocal 23: ABN

Markierung

Teilen

Kopieren

None

Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.

YouVersion verwendet Cookies, um deine Erfahrung zu personalisieren. Durch die Nutzung unserer Webseite akzeptierst du unsere Verwendung von Cookies, wie in unserer Datenschutzrichtlinie beschrieben