Seanfhocal 22

22
1Tá dea-cháil le roghnú thar bhreis maoine,
agus is fearr dea-mheas ort ná airgead nó ór.
2Casann an saibhir ar an daibhir;
sé an Tiarna a rinne iad go léir.
3Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh;
téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.
4Sé luach saothair na humhlaíochta agus eagla an Tiarna
ná saibhreas, onóir agus fad saoil.
5Tá dealga agus gaistí ar chosán an urchóidigh;
an té a thugann aire do féin, déanfaidh sé é féin a sheachaint orthu.
6Déan an leanbh a oiliúint sa bhealach is dual dó;
agus nuair a rachaidh sé in aois ní thréigfidh sé é.
7Bíonn an toiceach ag mursanacht ar an mbochtán,
agus bíonn fear na hiasachta faoi bhois an té a thug rud dó.
8An té a shíolann an éagóir, beidh fómhar na tubaiste aige;
air féin a [thitfidh] bata a chuthaigh.
9Tá beannacht i ndán don duine cineálta,
mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.
10Tabhair bata is bóthar don scigire agus baileoidh an t‑aighneas leis,
agus beidh deireadh le hachrann is le hachasán.
11Tá cion ag [an Tiarna] ar an gcroí glan,
agus is cara don rí fear na cainte caoine.
12Déanann súile an Tiarna an t‑eolas a fhaire,
ach leagann sé ar lár briathra na mbréagairí.
13“Tá leon lasmuigh,” a deir an leisceoir!
“Marófar sa tsráid mé!”
14Cuithe domhain béal mná deoranta;
an té a bhfuil an Tiarna i bhfearg leis, titfidh sé inti.
15Tá an bhaois ginte i gcroí an linbh;
ach déanfaidh slat an smachtaithe í a dhíbirt i gcéin as.
16Luigh ar an mbochtán agus bronnfar maoin air;
tabhair rud don saibhir agus déanfaidh tú é a chreachadh.
Ráitis na Saoithe
17Ráitis na saoithe:
Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe,
agus crom ar a bhfoghlaim.
18Beidh sé ina shólás agat iad a choimeád i do chroí,
agus iad go léir a bheith mar phionna ar do bheola.
19Tá [do chosán] á thaispeáint agam duit inniu
le go mbeadh do mhuinín agat as an Tiarna.
20Nach bhfuil [deich gcaibidil fichead] de chomhairlí agus
de ghaois scríofa agam duit,
21Le go mbeifeá in ann an fhírinne a léiriú,
agus lucht do cheistithe a fhreagairt le briathra stuama?
22Ná creach an bochtán mar gur bochtán é,
agus ná ciap aon duine atá á bhuaireamh i ngeata na cathrach;
23Óir déanfaidh an Tiarna a gcúis a agairt,
agus ídeoidh sé lucht a n‑ídithe.
24Ná déan muintearas leis an té atá tugtha don fhearg,
agus ná bíodh caidreamh agat ar fhear drochmhianaigh,
25Le heagla go bhfoghlaimeofá a bhealaí,
agus go mbéarfaí ort i ngaiste.
26Ná bí ar dhuine díobh siúd a thugann gill,
agus a théann in urrús le fiacha.
27Mura mbíonn sás d'fhuascailte agat,
tógfaidh siad an leaba a bheidh fút.
28Ná haistrigh cloch ársa theorann,
a leag do shinsir ina leaba.
29An bhfeiceann tú duine atá oilte ar a ghnó?
déanfaidh sé freastal ar ríthe;
ní do shuaracháin a bheidh sé ag fónamh.

Zur Zeit ausgewählt:

Seanfhocal 22: ABN

Markierung

Teilen

Kopieren

None

Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.

YouVersion verwendet Cookies, um deine Erfahrung zu personalisieren. Durch die Nutzung unserer Webseite akzeptierst du unsere Verwendung von Cookies, wie in unserer Datenschutzrichtlinie beschrieben