Seanfhocal 24

24
1Ná bí in éad le hurchóidigh,
ná ag tnúth lena gcuideachta.
2Foréigean atá á bheartú ina gcroí acu,
agus mailís atá ina mbéal acu.
3Le heagna a thógtar teach
agus le tuiscint a bhunaítear é.
4Le barr eolais a líontar stórais,
le maoin de gach sórt idir luachmhar agus tharraingteach.
5Is fearr an críonna ná an tréan,
fear na gaoise ná fear [an ghaisce].
6Dea-threoir a bhuann cath,
agus is le meitheal chomhairleoirí an chaithréim.
7Tá an eagna ró-ard don amadán
agus ní bhíonn smid as ag geata na cathrach.
8An té atá ag beartú an oilc,
tabharfar fear clampair air.
9Níl ach an peaca á thaibhreamh do na hamadáin;
is gráin le daoine an scigire.
10Má chailleann tú do mhisneach,
ní bheidh ach laige i do neart i lá na hanachana.
11Fuascail an mhuintir atá á seoladh chun báis;
tarrthaigh an mhuintir atá á mbreith chun a mbásaithe.
12Má deir tú: “Ach féach, ní raibh a fhios againn,”
an amhlaidh atá an té a mheánn an croí gan tuiscint,
agus an té a bhreithníonn an t‑anam gan eolas?
déanfaidh sé an t‑aisíoc is dual do bhearta duine.
13Ith mil, a mhic, mar is maith í;
is milis le blaiseadh an mhil a shileann ón gcriathar.
14Sé an dála céanna é ag eagna do d'anam, bíodh a fhios agat;
má fhaigheann tú í, tiocfaidh an lá amárach
agus ní rachaidh do dhóchas amú.
15Ná cuir luíochán, a urchóidigh, ar áitreabh an fhíréin,
agus ná déan a theach a chreachadh.
16Óir titeann an fíréan faoi seacht, ach éiríonn arís;
ach déanann an tubaiste na hurchóidigh a threascairt.
17Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort;
nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort,
18Le heagla go bhfeicfeadh an Tiarna agus nach mbeadh sé sásta,
agus go n‑iompódh sé a fhearg uaidh.
19Ná cuireadh lucht an oilc caduaic ort,
agus ná bí in éad le drochdhaoine.
20Óir níl aon ní i ndán don drochdhuine
agus múchfar lóchrann an urchóidigh.
21Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí,
agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh.
22Óir is tobann mar a bhladhmfaidh a ndíoltas,
agus cé dó is eol an scrios a sheolfaidh siad araon?
Cnuasach Eile
23Ráitis leis na saoithe iad seo inár ndiaidh chomh maith:
Ní cóir é an leathchuma i mbreithiúnas.
24An té a deir: “Tá tú neamhchiontach,” leis an gciontach,
ní bheidh ach mallacht i ndán dó ó na ciníocha agus fuath ó na náisiúin.
25Ach an mhuintir a cheartaíonn na hurchóidigh, beidh ábhar áthais acu,
agus beidh beannacht orthu.
26An té a thugann freagra ionraic,
pógann sé do bheola, geall leis.
27Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán,
agus déan do phrapáil ar an machaire;
imigh leat ansin agus tóg do theach.
28Ná tabhair fianaise in aghaidh do chomharsan gan ábhar,
agus ná meall daoine le briathra do bhéil.
29Ná habair: “Tabharfaidh mé an cor céanna airsean agus a thug seisean ormsa;
déanfaidh mé an cúiteamh is dual dóibh le cách.”
30Ghabh mé thar ghort an leisceora,
agus thar fhíonghort an duine gan chiall.
31Féach, bhí brat de dheilgneach air,
é clúdaithe le neantóga
agus a bhalla cloch leagtha ar lár.
32Rinne mé mo mhachnamh agus mé ag breathnú air
agus d'fhoghlaim mé an ceacht seo ón radharc:
33“Néal beag codalta, múisiam beag,
agus na lámha a fhilleadh ar a chéile le scíth a ligean,
34Ansin beidh an bhochtaine le d'ais mar bhithiúnach
agus an ghannchúis mar robálaí.”

Zur Zeit ausgewählt:

Seanfhocal 24: ABN

Markierung

Teilen

Kopieren

None

Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.

YouVersion verwendet Cookies, um deine Erfahrung zu personalisieren. Durch die Nutzung unserer Webseite akzeptierst du unsere Verwendung von Cookies, wie in unserer Datenschutzrichtlinie beschrieben