Seanfhocal 21

21
1Tá croí an rí i láimh an Tiarna mar shruthán uisce;
iompaíonn sé é cibé treo is toil leis.
2D'fhéadfadh iompar duine bheith ceart ina shúile féin,
ach meánn an Tiarna an croí.
3An ceart is an chóir a dhéanamh,
is taitneamhaí é sin leis an Tiarna ná íobairt ar bith.
4Súile uaibhreacha agus croí díomasach,
is lóchrann drochdhaoine iad agus níl iontu ach peaca.
5Téann smaointe an duine dhícheallaigh chun sochair dó;
an bhochtaine amháin is dán don luaithintinneach.
6Gnothú maoine le teanga bhréagach,
gal soip é agus baol báis.
7Déanfaidh foréigean na n‑urchóideach iad a scriosadh,
mar nach áil leo an ceart a dhéanamh.
8Is cam é casán an chiontaigh,
ach is íon é iompar an duine ionraic.
9Is fearr cur fút i gcúil sa lochta,
ná bheith in aontíos le bean achrainn.
10Tá dúil san olc i gcroí an drochdhuine;
ní ghlacann sé trua dá chomharsana riamh.
11Déantar saoi den daoi nuair a smachtaítear an tarcaisneoir;
foghlaimíonn sé ceacht nuair a bhíonn an rath ar an bhfíréan.
12Breathnaíonn an fíréan ar theach an drochdhuine,
agus basctar na héagráifigh de dheasca a n‑urchóide.
13An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáin
nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.
14Cuireann tabhartas faoi choim fearg chun suain,
agus múchann breab faoin mbrat an cuthach feirge.
15Is lúcháir don fhíréan an ceart a chur i bhfeidhm,
ach is uafás é do na hurchóidigh.
16An té a théann ar fán ó chosán na tuisceana,
ligfidh sé a scíth i gcomhluadar na scáileanna.
17Beidh an mhuintir a bhfuil dúil acu sa só, gan mhaoin;
agus an té atá tugtha don fhíon agus don ola ní bheidh sé saibhir.
18Tá an t‑urchóideach mar gheall leis an bhfíréan,
agus an feallaire leis an ionraic.
19Is fearr cur fút san fhásach
ná le báirseach cancrach mná.
20Tá maoin luachmhar agus ola i dteach an duine chríonna,
ach déanfaidh an t‑amadán é a alpadh.
21An té a théann sa tóir ar an gcóir agus ar an gcineáltas,
beidh idir bheatha agus chóir agus onóir aige.
22Dhéanfadh an duine críonna dúnfort na ngaiscíoch a dhreapadh,
agus an daingean as a mbíonn a muinín a scartadh.
23An té a chuireann smacht ar a bhéal agus ar a theanga,
seachnaíonn sé tubaiste.
24Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais,
agus bíonn éirí in airde ina iompar.
25Is trúig bháis don leisceoir a ainmhian féin,
mar ní áil lena lámha aon bheart a dhéanamh.
26Bíonn saint gan staonadh ar fhear an oilc,
ach ní théann aon stad ar an bhfíréan ach ag dáileadh gan doicheall.
27Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach,
agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.
28Déanfar an finné bréige a mhilleadh,
ach tabharfar cluas i gcónaí d'fhocail an duine ghéilliúil.
29Bíonn gothaí na muiníne ar an urchóideach;
déanann an fíréan a bhearta féin a mheá.
30Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle
an fód in aghaidh an Tiarna.
31Déantar an t‑each a ghléasadh le haghaidh lá an chatha,
ach is é an Tiarna a bheireann bua.

Zur Zeit ausgewählt:

Seanfhocal 21: ABN

Markierung

Teilen

Kopieren

None

Möchtest du deine gespeicherten Markierungen auf allen deinen Geräten sehen? Erstelle ein kostenloses Konto oder melde dich an.

YouVersion verwendet Cookies, um deine Erfahrung zu personalisieren. Durch die Nutzung unserer Webseite akzeptierst du unsere Verwendung von Cookies, wie in unserer Datenschutzrichtlinie beschrieben