Na Sailm 85

85
Salm 85.
Benedixisti, Domine.
1A Ṫiarna, is maiṫ a ḃí tú do do ṫír: ṫug tú braiġdean aiġ Iácóib aḃaile.
2Ṁaiṫ tú coir do ṁuintire: agus dʼḟolaiġ tú a bpeacaí go léir.
3Lig tú uait do ḋíḃeirg uile: agus ċuir tú suas ded ḟearg ḟíoċṁar.
4Iompaiġ sinn máisea, a Ḋia ár slánaiṫeoir: agus stad den ḟearg atá ort linn.
5An go deo a ḃeiḋ tú míṡásta linn: nó an gcoṫóiḋ tú dʼḟearg ó ġlúin go ċéile?
6An é nárḃ áil leat iompú arís agus sinne a ḃeoú: ionas go mbeifeá mar áḃar áṫais ag do ṁuintir?
7Taispeáin dúinn do ṫrócai re, a Ṫiarna: agus bronn do ṡlánú orainn.
8Éistfiḋ mé lena ndéarfaiḋ an Tiarna Dia i mo ṫaoḃsa: óir laḃróiḋ sé síoċáin lena ṁuintir, agus lena naoiṁ, ionas naċ dté siad leis an amaid í arís.
9Óir bíonn a ṡlánú in aice an dreama darb eagal é: ionas go ḃfana an ġlóir inár dtír.
10Tá coinne déanta ag an trócaire agus ag an ḃfírinne: ṗóg an ḟíréantaċt agus an tsíoċáin a ċéile.
11Fásfaiḋ an ḟírinne aníos as an talaṁ: agus dʼḟéaċ an ḟíréantaċt anuas ó neaṁ.
12Is deiṁin go dtaispeánfaiḋ an Tiarna carṫanaċt ġráṁar: agus go dtaḃarfaiḋ ár dtalaṁ uaiḋ a ṫoraḋ.
13Siúlfaiḋ an ḟíréantaċt roiṁe: agus déanfaiḋ sé eolas dó sa tslí.

S'ha seleccionat:

Na Sailm 85: OC1965G

Subratllat

Copia

Compara

Comparteix

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió