Na Sailm 84

84
Salm 84.
Quam dilecta!
1Cad é aoiḃneas dʼáras: a Ṫiar na na slua.
2Is í mian agus mórṫnúṫ mʼanama dul isteaċ i gcúirteanna an Tiarna: is é an Dia beo is cúis áṫais mo ċroí agus mo ċolainne.
3Is deiṁin go ḃfuair an gealḃan teaċ, agus go ḃfuair an ḟáinleog an nead ina gcuire sí a hál: cá háit aċ dʼaltóra, a Ṫiarna na slua, mo Rí agus mo Ḋia.
4Is beannaiṫe iad luċt áiti ṫe do ṫí: beiḋ siad go deo do do ṁolaḋ.
5Is beannaiṫe an té gur tú a ċuṁaċt: a mbíonn do ṡlite ina ċroí.
6A mbíonn gleann an ḃuarṫa acu mar ṫobar fuaráin nuair a ṡiúlas siad tríd: agus gan lag ann naċ ḃfuil lán dʼḟíoruisce.
7Dá láidreaċt iad is láidre a ḃeiḋ siad: agus níl duine orṫu naċ mbeiḋ le feiceáil i láṫair Dé na ndéi ṫe i Síón.
8A Ṫiarna Dia na slua, éist le mo ġuí: taḃair cluas, a Ḋia Iácóib.
9Féaċ, a Ḋia is dídean dúinn: féaċ ar aġaiḋ an Té a dʼung tú.
10Is fearr aon lá aṁáin faoi do ċúirteanna: ná míle lá in áit naċ iad.
11Bʼḟearr liom ḃeiṫ i mo ḋoirseoir i dteaċ mo Ḋé: ná ḃeiṫ i mo ċónaí i bpailliúin an oilc.
12Óir is solas agus is crann cosanta an Tiarna Dia: beiḋ an Tiarna ag bronnaḋ grásta agus glóire, agus ní ċoinneoiḋ sé aon dea‑rud siar ón dream ċaiṫeas a mbeaṫa go cráifeaċ.
13A Ṫiarna Dia na slua: is beannaiṫe an té a ċuireas a ḋóċas ionat.

S'ha seleccionat:

Na Sailm 84: OC1965G

Subratllat

Copia

Compara

Comparteix

None

Vols que els teus subratllats es desin a tots els teus dispositius? Registra't o inicia sessió