Psalm 2

2
II Psalm.
1Cionas fa’r ghabh na geinte buil’,
’S fa’r chruinnighdís na slóigh,
’Sar smuainighdis air dhiomháoineas,
Nach bhfonfuidh choídhche dhóibh?
2Ríghthe na talmhan d’eirigh suas,
’S Riaghlóiridhe móra tréun;
’Naghuidh an Tighearna chómhárligheadar;
’Sa naghuidh áon‐ungtha féin.
3Briseam o chéile a ccuibhreacha,
(A dubhradar gach áon,)
Gach ceangal dar mian iathadh or’nn,
Teilgeamáoid uile dhinn.
4An te ata ’sna flaithis shuas,
Do ghnidhse gáire fúith’;
Mar adhbhar maguidh bei’d do shiór
Ag Tighearna na síoth.
5Labhrochuidh se le briathruibh borb
Le corruidhe mhóir go garg;
A’s cradhfuigh se an bhuidhean thruagh,
Le lasrach a’s le feirg.
6Gídheadh do hungadh leam mo righ
’Na uachd’rán buadhmhar cáoimh;
Agus chuir me é na shuidhe suas
Air Shion, mo chnoc naomh’.
7An reachd úd, leam go bhfoillseochar;
’Deir an Tighearna rium,
Is tu mo mhacsa; la so ’niugh
Do gineadh thusa liom.
8Iarr orm, ’smar oighreachd bhearfad duit,
Na geinte uile ’sa sluagh;
A’s bhéara me dhuit mar sheilbh sháor,
Críocha na cruinne buan.
9Gnidhthear le slait don iaran chruaidh,
Go luath a mbriseadh leat;
Na’ mblodhuibh beaga prontar iad,
Mar shoightheach criadh led neart.
10A righthe, uimesin, anois,
Biodh sibhse glic go léir;
A bhreathamhuin na talmhan fós,
Glacuidhse teagasg géur.
11Don Tighearna Iehobha tréun,
Foghnuidhse dhó go ceart,
Le creathuibh a’s le luathgháridhe,
Do Thighearna na bhfeart.
12A dháoine póguidhe uile an mac!
’Nois tuguidhe dhósan póg
D’eagla go lasadh fheirg san suas,
D’ar mileadh annsa ród.
An tan do bhidhean corruidhe air
Ag lasadh beag da luighead.
’S beannuidhe an dreamsoin uile fós
Dhóigheas ann le foighid.

Tans Gekies:

Psalm 2: PSA1836

Kleurmerk

Deel

Kopieer

None

Wil jy jou kleurmerke oor al jou toestelle gestoor hê? Teken in of teken aan

YouVersion gebruik koekies om jou ervaring persoonlik te maak. Deur ons webwerf te gebruik, aanvaar jy ons gebruik van koekies soos beskryf in ons Privaatheidsbeleid