Matha 1

1
1Leabhar geinealaigh Íosa Críost, mic Dháibhí, mic Abrachaim. 2Do ghein Abracham Íosóg; agus do ghein Íosóg Iácób; agus do ghein Iácób Iúdás agus a dhearbhráithre. 3Agus do ghein Iúdás Fares agus Sara ó Thamar; agus do ghein Fares Esróm; agus do ghein Esróm Aram; 4agus do ghein Aram Aminadab; agus do ghein Aminadab Naasón; agus do ghein Naasón Salmón; 5agus do ghein Salmón Boes Ó Rachab; agus do ghein Boes Ióbed ó Rút; agus do ghein Ióbed Iesse; 6agus do ghein Iesse an rí Dáibhí.
7Agus do ghein an rí Dáibhí Solamh ó’n mnaoi do bhí ag Úrias; agus do ghein Solamh Robóam; agus do ghein Robóam Abia; agus do ghein Abia Asa; 8agus do ghein Asa Iósafat; agus do ghein Iósafat Ióram; 9agus do ghein Ióram Ósias; agus do ghein Ósias Ióatam; agus do ghein Ióatam Achas; 10agus do ghein Achas Esecias; agus do ghein Esecias Manassés; agus do ghein Manassés Amós; 11agus do ghein Amós Iósias; agus do ghein Iósias Iechonias agus a dhearbhráithre le linn broide Baibiolóine.
12Agus tar éis broide Baibiolóine do ghein Iechonias Salatiél; agus do ghein Salatiél Sorobábel; 13agus do ghein Sorobábel Abiúd; agus do ghein Abiúd Eliachém; agus do ghein Eliachém Asór; 14agus do ghein Asór Sadóc; agus do ghein Sadóc Achím; 15agus do ghein Achím Eliúd; agus do ghein Eliúd Eleásar; agus do ghein Eleásar Mattán; 16agus do ghein Mattán Iácób; agus do ghein Iácób Seosamh, fear Mhuire, ó n‐ar geineadh Íosa d’á ngoirthear Críost.
17Uime sin, na geinealaigh go léir ó Abracham go Dáibhí, is ceithre glúna déag iad; agus ó Dháibhí go broid Bhaibiolóine, ceithre glúna déag; agus ó bhroid Bhaibiolóine go Críost, ceithre glúna déag.
18Agus mar so is eadh tharla geineamhain Íosa Críost. Iar mbeith d’á mháthair, Muire, luaidhte le Seosamh, sara dtángadar le chéile, frith go raibh sí torrach ó’n Spiorad Naomh. 19Acht, ó ba dhuine fíréanta Seosamh, a fear, agus nárbh áil leis a maslú go poiblidhe, ba mhian leis a cur uaidh ós íseal. 20Acht ag machtnamh dhó air, do taidhbhrigheadh dhó i n‐aisling aingeal an Tighearna, adubhairt, a Sheosaimh, a mhic Dhaibhí, ná bíodh eagla ort do chéile, Muire, thabhairt chun aoin‐tighis leat; óir, an ghein atá gabhtha aice, is ó’n Spiorad Naomh í. 21Béarfaidh sí mac, agus do‐bhéarfaidh tú ÍOSA mar ainm air, óir slánóchaidh sé a phobal ó n‐a bpeacaidhibh. 22Agus do thuit seo amach chum go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh, g‐á rádh,
23Féach, béidh maighdean torrach, agus béarfaidh sí mac,
Agus do‐bhéarfar Emmanuel mar ainm air, ainm chialluigheas, Dia linn. 24Agus ar ndúiseacht do Sheosamh, do‐rinne sé mar d’órduigh aingeal an Tighearna dhó, agus do ghlac sé chuige a bhean, 25acht níor aithin sé í nó go rug sí mac, agus thug sé ÍOSA mar ainm air.

Tans Gekies:

Matha 1: ATN1951

Kleurmerk

Deel

Kopieer

None

Wil jy jou kleurmerke oor al jou toestelle gestoor hê? Teken in of teken aan

YouVersion gebruik koekies om jou ervaring persoonlik te maak. Deur ons webwerf te gebruik, aanvaar jy ons gebruik van koekies soos beskryf in ons Privaatheidsbeleid